Ní minic a bhíonn an traidisiún á cheiliúradh i dtithe na hardchathrach anois, ach tamall de bhlianta ó shin thugtaí saoirse do mhná tí ar 6 Eanáir tar éis dóibh a bheith gnóthach le cúraimí an tí i rith na Nollag. Théadh na mná ar chuairt ar a gcairde agus ar a gcomharsain ar an lá sin agus thit na cúraimí clainne ar na fir.
Don chéad uair riamh beidh an traidisiún á cheiliúradh in Áras na Scríbhneoirí i gCearnóg Parnell i lár na cathrach.
Oíche mhór siamsaíochta atá beartaithe do bhéithe na cathrach agus beidh scoth na bhfilí idir úr agus mórchailiúil ann. I gcomhluadar na mban ar an oíche beidh Nuala Ní Dhomhnaill, Celia De Fréine agus Eilís Ní Dhuibhne ag léamh sleachta i mBéarla agus i nGaeilge.
Chomh maith leis sin beidh léamhanna Béarla le Mia Gallagher agus Sarah Clancy agus cuirfidh an fliúiteadóir Ellen Cranitch an slua faoi draíocht le cabhair Jane Hughes.
Cuirfear tús leis an an ócáid ag a 6 i.n. agus beidh tabharfar an deis do gach aon duine a scíth a ligean agus sult a bhaint as an oíche, fir ina measc mar beidh fáilte roimh chách ann.
©Foilsithe ar Gaelport.com 05 Eanáir 2012
↧