SEIRBHÍS IARSCOILE NA RINNE – AFTERSCHOOL SERVICETá neart imeachtaí ar siúl i Seirbhís Iarscoile na Rinne faoi láthair. Idir Karate, Hip Hop, cócaireacht agus eile, bíonn na paistí coinnithe gníomhach i gcónaí. Tá an tseirbhís oscailte do aon páiste atá ag freastal an bunscoil, is cuma cén scoil. Is seirbhís lán-Ghaelach é seo a bhíonn oscailte ó 1.30pm go dtí 5.30pm gach lá scoile. Is costas €5 atá ann seisiúin, le liúntais ar fáil do leasa shoisialta (roinnt sort). Má tá tuileadh eolais ag teastáil, nó chun páiste a chlárú, cur glaoch ar Laura Uí Ruairc, Príomh Stiúrthóir ar 087-3270661.CLUICHÍ POBAIL - COMMUNITY GAMES Clúdaíonn Cluichí Pobail “An Ghaeltacht” ceantair Ard Mhóir, An Gráinsigh agus An Rinn. Is féidir le aon páiste atá cónaí orthu ins na paróistí seo cur isteach ar aon imeacht i gclár na Cluichí Pobail. Tá an babhta cáillithe áitiúil don ealaíon agus an peannaireacht ar siúl ar an Satharn 10 Márta i Halla Naomh Déagláin, san Aird Mhóir ó 2pm – 3pm. Is gá do na hiomatheoirí a bheith ann ag 1.40pm don chlárúchán. Táille €2 don pháiste, chun dul i dtreo costas an halla. Níl aon duaiseanna ag an leibheal áitiúil. Rachaidh a chéad beirt ar aghaidh chuig comóras ceannais an contae i gColáiste Naomh Aibhistín, Dún Garbhán ar 24/03/12. Tá an ealaíon oscailte do bhuachaillí agus cailíní faoi 8, 10, 12, 14 agus 16 bliana d’aois, agus bíonn trí uair a’chloig curtha ar fáil dóibh siúd atá ag iomaíocht chun pictiúr, líníocht nó colláis a dhéanamh. Is gá go mbeadh téama na Cluichí Pobail ar an bpíosa, le úasmhéid 60cm x 70cm. Is gá do na hiomaitheoirí a gcuid ábhair agus soláthairtí a chur ar fáil. Níl an comórtas peannaireacht ach ar fáil do pháistí faoi 10 bliana d’aois. Is gá do na h-iomaitheoirí píosa téacs a cóipeáil, 100-150 focail taobh istigh de uair a’ chloig. Is gá don pháiste leathanach A4 nó leathphraitin línithe agus peann luaidhe a thabhairt leo. Níl feidir le buachaillí agus cailíní faoi 10 bliana d’aois ach cur isteach ar an ealaíon agus an peannaireacht. Tabhair faoi ndearadh go bhfuil aoisteorainn difriúl ag na Cluichí Pobail ná atá ag sport eile, i.e. má tá páiste 10 bliana d’aois roimh 31ú Iúil is gá don pháiste seo dul san iomaíocht faoi 12, agus ma tá siad 10 tar éis an dáta sin, is gá dóibh dul san iomaíocht faoi 10. Tá sé mar an gcéanna do gach aois ghrúpa.Tá eolas faoi na himeachtaí ar fad ar www.communitygames.ie. Má tá spéis ag aoinne cur isteach ar an amhránaíocht aonar faoi 14, ceol faoi 14, an reacaireacht faoi 14 nó aon comórtas snámha / nó chun tuilleadh eolais a fháil, bí i dteangmháil le Elsie ar 087-6332321. CIORCAL COMHRÁ – CONVERSATION GROUPBeidh an Ciorcal Comhrá sa Seanachaí gach oíche Mháirt ó 7pm go dtí 8.30pm ón 13/03/12 go dtí 24/04/12. Failte roimh chách. Gach eolas ó Cabríní 087-6532044.TAEKWON DOBeidh Taekwon Do ar siúl i Halla Pobail na Rinne gach Céadaoin ó 5.30pm go dtí 6.30pm do pháistí ó 4-6 bliana d’aois, agus ó 6.30pm go dtí 7.30pm le haghaidh paistí idir 7 agus 12 bliana d’aois. Tuilleadh eolais ar fail ó Edward Dillon ar 085-1218155. Tá Crios Dubh 2ú Dan ag Edward.CAIRDE NA RINNEBeidh Cairde na Rinne ag teacht le cheile arís ar 3pm ar an Mháirt, 3ú lá de Mí Aibreán i Halla Pobail na Rinne, agus ar an gcéad Mháirt de gach mhí ina ndiaidh san. Bíonn ábhar spéisiúil agus éagsúil le plé, agus comhluadar den scoth ar fáil i gcónaí! Tá fáilte mór roimh baill nua i RANGANNA RINCE GAELACH – IRISH DANCE CLASSESBíonn ranganna Rince Gaelach do pháistí ar siúl le Múinteoir Rince cáilithe gach oíche Déardaoin ag 5pm i Halla Pobail na Rinne. Fáilte roimh páistí ó 4 bliana d’aois suas.SLIMATHON Tá an Slimathon ar siúl arís i dTigh Mhuirithe, Heilbhic gach Ceadaoin ó 7.30pm go dtí 8.30pm faoi lathair. Costas €5. Coimeádfar meáchan faoi rún agus beidh an t-airgead go léir a bhaileofar ar mhaithe le Scoil Náisiúnta na Rinne. SPRAOI – PARENT AND TODDLER GROUPTá an ghrúpa Spraoi do thuismitheoirí agus leanaí ar siúl gach maidin Aoine ó 9.45am go dtí 11.45am i Halla Pobail na Rinne. The Spraoi parent and toddler group is on every Friday from 9.45am to 11.45am in Halla Pobail na Rinne. SRAITH SIÚLÓIDE/REATHA AN CHOINIGÉIRTá an Straith siúlóide/reatha ar siúl ar an gCoinigéar gach maidin Dhomhnaigh ag 9.30am. Tá cúrsa 4 mhíle leagtha amach agus tá costas €2 ‘cead isteach’ i gceist. GRADAM GNÓ NA NDÉISE 2012 – IRISH IN BUSINESS AWARD 2012Ar mhaith leat gnó a ainmniú don Ghradam Gnó 2012? An bhfuil eolas agat ar áit gur féidir leat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge i nGaeltacht na nDéise, Dún Garbhán nó Iarthar Phort Láirge? Nó gnó atá báúil don Ghaeilge agus a úsáideann comharthaíocht Gaeilge nó eile? Más ea, cur sonraithe chuig cabrini01@gmail.com nó chuig msbreathnach@waterfordcoco.ie Is féidir gach eolas faoin scéim a fáil ó Cabríní de Barra ar 058-46664 nó Máire Seo Breathnach ar 058-20884.SCÉIMEANNA OIBRE FÁS – WORK PLACEMENT SCHEMESTá deis ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe cur isteach ar deis taithí oibre i bhforbairt turasóireacht atá ar fáil i gComhlucht Forbartha na nDéise faoin scéim “JobBridge”. Má tá tú cláraithe le FÁS don scéim seo, tá eolas ar fáil ar shuíomh idirlín FAS nó is feidir teagmháil a dhéanamh le Cabríní de Barra, Bainisteoir Forbartha ar 087-6532044 / 058-46664 / cabrini01@gmail.com.NUACHT NUA? – NEW NEWS?Ma ta aon scéal nó ócáid gur mhaith leat roinnt le pobal na Gaeltachta tríd na nótaí seo, bí i dteangmháil le Cabríní ar cabrini01@gmail.com nó 087-6532044. Is féidir cabhrú le leagan Gaeilge a chur le do chuid nuacht, mas gá.Foilsithe ar Gaelport.com 05 Márta 2012le Cabríní De Barra
↧