Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Seachtain na Gaeilge sa Bhruiséil

$
0
0

Is fada ann an ceangal idir an Bheilg agus Éire ó thaobh na Gaeilge de. Is sa Bheilg a cuireadh an chéad leabhar Gaeilge sa chló Rómhánach i gcló in 1639; ón gcoláiste Proinsiasach i Lováin a cuireadh Mícheál Ó Cléirigh, duine de na “Ceithre Máistrí”, go hÉirinn in 1626 chun lámhscríbhinní faoi na naoimh a bhailiú, tionscadal a raibh an saothar mórthábhachtach Annála Ríoghachta Éireann mar thoradh air; agus i 1905 tháinig Pádraig Mac Piarais chun na Beilge chun an córas oideachais dátheangach sa tír seo a scrúdú. Is ann don cheangal sin idir an Bheilg agus Éire fós, agus tá pobal mór Éireannach ina gcónaí anseo anois, neart Gaeilgeoirí ina measc. Is iontach an rud é a mhinice a chastar Gaeilgeoirí ort sa Bhruiséil agus d’fhéadfaí a rá gur inchurtha le cathair ar bith in Éirinn í ar uairibh! Tá an teanga níos suntasaí freisin ó rinneadh teanga oifigiúil di san Aontas Eorpach in 2007. Is cúis mórtais é an Ghaeilge a fheiscint ar comhchéim le teangacha oifigiúla eile san AE ar fhograí ilteangacha ó na hinstitúidí Eorpacha a bhíonn le feiscint thart ar chathair na Bruiséile. Eagraítear ciorcal comhrá Gaeilge gach mí i dteach tabhairne Éireannach i gceantar Schuman, ceartlár na n-institiúidí Eorpacha. Tá club ana ghníomhach CLG lonnaithe sa Bhruiséil leis agus dream maith Gaeilgeoirí bainteach leis. Is iomaí uair a chloisfeá imreoirí ag glaoch ar a chéile i nGaeilge sa Pharc Cinquantenaire oíche bhreá shamhraidh. Ainm Gaeilge a roghnaíodh don chlub nuair a bunaíodh é – An Chraobh Rua – ainm a aithníonn tábhacht theanga agus thraidisiúin na hÉireann i saol an imircigh. Tá imeachtaí á n-eagrú sa Bheilg do Sheachtain na Gaeilge ó 2008 i leith agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Bíonn imeachtaí ann don duine óg agus don duine aosta. Anuraidh bhí os cionn 50 duine óg i láthair ag mórócáid na leanaí – maidin scéalaíochta, cheoil agus rince. I mbliana tá curtha leis na hócáidí agus beidh siúlóid ann sa Forêt de Soignes, foraois mhór ar imeall na cathrach, ina mbeidh deis beagán de stair na háite a fhoghlaim chomh maith le deis bualadh agus cainte le Gaeilgeoirí eile. Tabharfaidh an Dochtúir Seán Ó Riain léacht ag cruinniú Mháistrí Sláinte an Chladaigh, club dátheangach na Máistrí Sláinte sa Bheilg, dar teideal “An Ghaeilge: Teanga Eorpach nua-aoiseach.” Beidh an chéad tráth na gceist as Gaeilge á eagrú agus súil le roinnt mhaith scléipe is spraoi an oíche sin. Faigheann Seachtain na Gaeilge tacaíocht ó bhuanionadaíocht na hÉireann sa Bheilg a eagraíonn oíche seolta na Seachtaine, agus ón ambasáid freisin a eagraíonn oíche scannánaíochta agus a chuireann grán rósta agus sóláistí eile ar fail do “phictiúrlann” na hoíche sin. I mbliana beidh an lón le Gaeilge á eagrú i gcaife Delish sa Bhruiséil, áit atá faoi úinéireacht lánúin Éireannach, Gaeilgeoirí beirt. Mar sin, beidh an deis acu siúd a fhreastalóidh ar an lón biachlár speisialta an lae a cheadú i nGaeilge agus a mbéile a ordú trí Ghaeilge. Nach iontach a leithéid in ardchathair na hEorpa! Chun níos mó eolais faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a fháil, cuir ríomhphost chuig snagbxl@gmail.com nó féach ar an leathanach facebook “Seachtain na Gaeilge: Ócáidí sa Bheilg 2012”. Foilsithe ar Gaelport.com 05 Márta 2012. Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #snag #gaeilge  

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>