“Ar an raidió is fearr i gcónaí éisteacht leis an dream áitiúil agus leis na scéalta atá acu ”, dar le Máire Máiréad Ní Loideáin, láithreoir raidió le Shannonside Northern Sound.
Bíonn Máire Máiréad le cloisteáil mar láithreoir ar an gclár Gaeilge Bígí an Caint gach Domhnach ag a sé an chlog tráthnóna. Cuireadh tús leis an gclár i mí Aibreáin agus tá ag éirí go hiontach leis.
“Is breá liom é mar bím ag caint le daoine atá ar bheagán Gaeilge agus le cainteoirí líofa ar an gclár gach seachtain ”, a deir sí.
Chomh maith leis na hagallaimh, castar ceol agus tugtar eolas mar gheall ar imeachtaí Gaeilge atá ar siúl sa cheantar i gContae Liatroma, Ros Comáin agus i gContae Longfoirt. Is fearr i bhfad léi blas áitiúil a chloisteáil ná bheith ag éisteacht le réaltaí móra na Gaeilge ag labhairt ar an raidió.
“Triailim í a choinneáil sa gceantar ach de bharr nach bhfuil Gaeltacht ann, tá sé deacair daoine le Gaeilge a fháil. Le beagán taighde bím in ann teacht ar dhaoine. Mar shampla bhí an fear gnó Adrian Devane linn le Bábóg Baby le déanaí chomh maith leis an iriseoir Orla Bradshaw”.
“Ta an-suim acu sa Ghaeilge sa gceantar agus tá roinnt gaelscoileanna lonnaithe anseo ach i mo thuairimse tá sé níos deacra orthu toisc nach bhfuil Gaeltacht mórthimpeall orthu.”
Gan amhras tá tuiscint ag Máire Máiréad ar dhá thaobh an scéil mar is as an gCeathrú Rua i gConamara di ó dhúchas. Tá lán-tacaíocht ag an gclár ó bhainistíocht Shannonside Northern Sound dar le léiritheoir an chláir, Eithne Kelly. “Léiríonn sé an meas atá ag Shannonside Northernsound don Ghaeilge agus tá an clár ag freastal ar lucht éisteachta forleathan ina bhfuil cainteoirí líofa agus foghlaimeoirí páirteach ann”, a deir sí.

©Foilsithe ar Gaelport.com 05 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Assembly concern at proposed changes to Irish language funding
Corn an Aire ag fanacht i dTír Chónaill arís
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #craoltóireacht