Is fear díograiseach é Bernard Dunne.
Is léir sin ón méid atá bainte amach aige ina shaol dornálaíochta. Ach, thug sé faoi dhúshláin go hiomlán éagsúil i mbliana.
Mar is eol do Ghaeilgeoirí agus Éireannaigh ar fud an domhain, cuireadh tús le feachtas Bród Club i mí Márta na bliana seo. Sprioc an fheachtais náisiúnta agus na sraithe teilifíse ab ea daoine a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid, go laethúil, in ainneoin an leibhéil Gaeilge acu.
Ag an bpointe seo tá 24,568 duine ar ais ar an gcapall, mar aon le comhlachtaí agus eagraíochtaí ó bhun barr na tíre. Agus cé nach bhfuil ach 1/5 den sprioc 100,000 síniú bainte amach ag an bhfeachtas, is léir go bhfuil an réabhlóid teanga ag dul ó neart go neart toisc Bernard Dunne agus a fheachtais. Feictear lógó An Tósta Mór agus Fáilte
Fridays ar fud na háite, chomh maith leis na pearsantachtaí cáiliúla ag léíriú a gcuid tacaíochta d’iarrachtaí Bhernard.
Chonacthas Bernard ag taisteal timpeall na tíre le linn na sraithe teilifíse ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh agus muinín a thabhairt do dhaoine a gcúpla focal a úsáid.
Bhí daoine áirithe i gcoinne an fheachtais agus i gcoinne iarrachtaí Bhernard ach sheas sé an fód agus tá muintir na Gaeilge uile bródúil as Bernard agus an feachtas nuálach a chum sé.
Ach tá dream amháin ann atá níos bródúla as an bhfear ó Bhaile Néill ná dream ar bith eile, agus is é sin muintir Chluain Dolcáin.
Tabharfar aitheantas d’ éachtaí mhac an bhaile ghaelaigh ar an 25 Bealtaine ag oíche mhór san Ionad Cultúrtha, Baile Átha Cliath 22, arna heagrú ag Áras Chrónáin. Beidh
Bernard ann i measc na nGaeilgeoirí agus na dtacadóirí a bheidh ag spalpadh na Gaeilge ar an oíche, agus cuirfidh John Spillane leis an gcéiliúradh lena chuid cheoil agus amhránaíochta.
Tosóidh an oíche ag 8.30pm agus cuirfear fáilte roimh chách. Faightear gach eolas ó Áras Chrónáin Ionad Cultúrtha, www.araschronain.ie, gaeilge@araschronain.ie nó 01-4574847.
© Foisithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
As na Nuachtáin: Publication of Irish language survey welcomed
Banc na hÉireann le páirt a ghlacadh sa 'Bródclub'
Féile Ceoil Thraidisiúnta Na Scéirí linn arís
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge