Téamaí móra fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi a bheidh faoi chaibidil ag comhdháil lae a bheidh ar siúl in Ollscoil na hÉireann Gaillimh Dé Céadaoin 23 Bealtaine 2012.
Is é an file agus Stiúrthóir Ionad an léinn Éireannaigh Louis de Paor, fear a chuir filíocht Mhac an tSaoi in eagar don chnuasach dátheangach ‘An Paróiste Míorúilteach’(2011) atá i mbun na comhdhála a reáchtáil.
Áirítear Máire Mhac an tSaoi ar fhilí móra na linne seo agus is iad Margadh na Saoire (1956); Codladh an Ghaiscigh (1973); An Galar Dubhach (1980), and An Cion go dtí Seo (1987) na cnuasaigh filíochta is mó atá luaite léi.
Táthar ag súil le díospóireacht bhríomhar i measc na gcainteoirí agus an lucht éisteachta ag an gcomhdháil. Cuirfear tús leis an bplé ag a 9am ag léacht an Ollaimh Mhichíl Mhic Craith ar an gceangal idir saol agus saothar an fhile agus an stát ó bunaíodh í .
Ar na hábhair spéisiúla eile a bheidh idir chamáin ag an ócáid beidh an grá agus an tsaoirse i bhfilíocht Mháire Mhac a’ tSaoi á bplé ag an Ollamh Máire Ní Annracháin. Feimineachas an údair agus a cuid filíochta a bheidh á phlé ag an Ollamh Margaret Mac Curtain ina dhiaidh sin. Ag leanúint leis na téamaí sin pléifidh an tOllamh Máirín Nic Eoin ó Choláiste Phádraig an guth máthartha ina cuid filíochta.
Tar éis lóin tabharfaidh An Dr Caoimhín Mac Giollla Léithe, An Dr Ríona Ní Fhrighil agus an tOllamh Eiléan Ní Chuilleanáin léargas ar ghnéithe eile dá cuid filíochta agus cuirfear clabhsúr leis an ócáid nuair a chíorfaidh an tOllamh Patricia Coughlan ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh na mianta collaí i saothar Mháire Mhac an tSaoi ag 5pm.
Sa seomra seimineáir in Institiúid de Mórdha, Ollscoil na hÉireann Gaillimh a reáchtálfar na seisiúin ar fad. Tá cead isteach go dtí na seisiúin ar fad agus fáilte roimh chách.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Féile Scríbhneoirí Átha Cliath 2012
Ó Bheal – Tráthnóna aoibhinn le Séamus Barra Ó Súilleabháin
Eoghan Mac Giolla Bhríde ceaptha mar Scríbhneoir Chónaithe Mhaigh Eo
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge