Beidh Féile Scríbhneoirí Átha Cliath ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 4-10 Meitheamh 2012.
Tá an fhéile idirnáisiúnta seo ar an fhód le breis is deich mbliana agus tá sé ar ceann de na príomhfhéilte litríochta sa tír agus é ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas.
An aidhm is mó atá ag an fhéile na aitheantas a thabhairt do scríbhneoirí na tíre seo agus treoir a thabhairt do scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn.
Beidh neart ceardlann scríbhneoireachta ar siúl agus beidh siad siúd á dteagasc ag scoth na scríbhneoirí sa tír.
Mar chuid d’imeachtaí na féile beidh seoladh leabhair, léachtaí, taispeántas ealaíona, scéalaíocht do pháistí i siopaí leabhair, taispeántas scannáin, sárthaispeántas, comórtais scéalaíochta chomh maith le léamh filíochta in ionaid éagsúla timpeall na cathrach.
An 6 Meitheamh beidh oíche mhór filíochta sa Workman's Club áit ina mbeidh an file aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag léamh filíochta ar an oíche. I mí Aibreáin le linn Thuras na bhFilí na bliana seo ba í Ailbhe a bhain amach an chéad áit i gcomórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill i dteannta Ailbhe ar an oíche beidh an file iomráiteach a bhfuil clú agus cáil air, Gabriel Rosenstock.
I measc na n-imeachtaí eile beidh oíche mhór i Halla na Saoire ar an 7 Meitheamh le tráthnóna aoibhinn i gcuideachta an amhránaí iomráitigh Mike Scott, príomhamhránaí a bhíonn ag canadh leis an ngrúpa aitheanta The Waterboys.
Ar an 9 Meitheamh beidh oíche mhór Ghaelach le léamh filíochta, próis agus ceoil san Eaglais Úinitéireach ar Fhaiche Stiabhna Thiar, Baile Átha Cliath 2. Tá an oíche seo á reáchtáil i gcomhar leis an fhéile litríochta IMRAM.
Tá oíche iontach geallta leis an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin, agus na ceoltóirí Dónal O’Connor agus Macdara Ó Graham. Beidh Eilís Ní Anluain ag léamh óna leabhar Fillean Seoirse ar an oíche agus beidh an scríbhneoir aitheanta Darach Ó Scolaí a bhain a leabhar An Cléireach duais an Oireachtais amach sa bhliain 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin sa bhliain 2008. I láthair freisin beidh an t-údar Kevin Power agus an file Leontia Flynn.
Tuilleadh eolais:
Teil: + 353 (0) 1 222 5455
Ríomhphost: info@dublinwritersfestival.com
Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.dublinwritersfestival.com
© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Gaiscí Phóirtéir aitheanta ag na Gradaim Chumarsáide
Eoghan Mac Giolla Bhríde ceaptha mar Scríbhneoir Chónaithe Mhaigh Eo
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #dublinwritersfestival