Seoladh dlúthdhiosca úr leis an amhránaí sean-nóis Saileog Ní Cheannabháin le déanaí dar teideal 'i bhfíor-dheiriú oidhche'.
Tá dhá amhrán déag a bailigh an ceoltóir iomráiteach Séamus Ennis i gceantar Iorras Aithneach, Conamara idir 1942 – 1945 ar an dlúthdhiosca seo. Ba phíobaire agus, agus bailitheoirí seanchas béil é Séamus a rugadh Séamus Ennis i Fhionnglas i mBaile Átha Cliath i 1919.Thaistil sé Éire agus an domhan mór ag bailiú ceoil, amhrán, seanchais agus béaloidis do Choimisiún Béaloideasa Éireann agus tá seoda de shaothar fágtha ina dhiaidh aige, fuair Seamus bás i mí Dheireadh Fómhair 1982.
Tógadh Saileog i mBaile Átha Cliath ach is iníon í leis an amhránaí sean-nóis Peadar Ó Ceannabháin as Aill na Brún i gceantar Iorras Aithneach a d’fhoilsigh ceirnín dar teideal ‘Mo Chuid den tSaol’ sa bhliain 1997.
Bhí tionchar mór ag saibhreas na teanga agus oidhreacht cheantar Iorras Aithneach agus ag sean-nós agus scoth na n-amhránaithe na háite ar Shaileog agus í ag fás aníos. Is iomaí samhradh a chaith sí sa cheantar sin agus í ina cailín óg.
Tá clú agus cáil ar Shaileog mar amhránaí aitheanta agus is minic a bhíonn sí ar stáitse le linn féilte agus ag imeachtaí éagsúla timpeall na tíre. Tá glór binn aoibhinn aici agus í ag canadh.
I measc na n-amhrán tá amhráin aoibhne ar nós Sadhbh Ní Bhruinnghiolla, Nóra Ní Chonchúir Bháin , Sadhbh Thomáis, Shíl mise aréir, Seachrán Sí, Amhrán Shéamuis mar aon le go leor eile.
Ceist na seachtaine seo:
Cá bhliain a rugadh Séamus Ennis ?
• 1982
• 1975
• 1991
• 1919
Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 7 Meitheamh agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Joe O'Longaigh a bhuaigh cóip den leabhar An Hobad san eagrán seo caite.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Ag Ceiliúradh Colm Cille sa Ghleann
As na Nuachtáin: Cocteau agus cultúr na hEorpa
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #comortas