Is i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí a bheidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i mbliana.
Tá meascán mór d'imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine idir 5 agus 8 Iúil 2012. Bíonn an tionól á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus bíonn sé ar cheann de na buaicphointí san fhéilire gach bliain.
Cuirfear tús leis an deireadh seachtaine le fáiltiú agus oscailt oifigiúil le hUachtarán an Chonartha, Donnchadh Ó hAodha i músaem Chorca Duibhne, Baile an Fheirtéaraigh agus ansin beidh seisiún ceoil in Óstan Cheann Sibéal.
Ar an Aoine 6 Iúil beidh turas báid go dtí oileán an Bhlascaoid Mhóir. Níos déanaí sa tráthnóna beidh seimineár Raidió na Gaeltachta 1972-2012 in ionad an Bhlascaoid. Beidh Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuirreáin, ina haoi-chainteoir ag an ócáid.
Ina dhiaidh sin seolfar an leabhar Scéal agus dán Oileáin le Mícheál Ó Mórdha atá foilsithe ag Coiscéim san ionad agus cuirfear críoch le himeachtaí an lae le seisiúin ceoil i dTigh Uí Mhurchú.
Ar an Satharn agus ar an Domhnach beidh siúlóid sléibhte, marcaíocht capall, iascaireacht, ceardlann photaireachta agus tráth na gceist boird.
Beidh rogha imeachtaí breise ar fáil sa cheantar, cuirfear pacáiste eolais ar fáil do gach duine a chláraíonn don Tionól.
Níos déanaí sa tráthnóna rachaidh Aisteoirí Bhréanainn chun stáitse in ionad an Bhalscóid Mhóir agus leanfar le Seisiún Cheoil i dTigh an tSaorsaigh agus beidh Club Rí-Rá á reáchtáil le cabhair ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn.
Ar an Domhnach beidh Aifreann i séipéal Bhaile an Fheirtéaraigh agus craolfar an tAifreann seo beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tuilleadh eolais ar www.cnag.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna himeachtaí seo a leanas:
Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail 2012
Ag Ceiliúradh Colm Cille sa Ghleann
Féile na Gréine 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #feile