Déanfar comóradh ar oidhreacht Naomh Colm Cille le linn féile mhór i nGleann Cholm Cille in iar-dheisceart Thír Chonaill ón 1-4 Meitheamh 2012.
Seolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D féile na bliana seo go hoifigiúil ar 1 Meitheamh.
Níos déanaí sa tráthnóna beidh léacht dhátheangach le hAodán Mac Póilín, Stiúrthóir, Iontaobhas Ultach ar théama a bhaineann leis an oidhreacht choiteann atá ann idir na pobail ar dhá thaobh shruth na maoile.
Ar an Satharn agus an Domhnach beidh neart ranganna i nGaeilge na hAlban, ranganna i ndamhsaí Thír Chonaill, siúlóidí ar Shléibhte Thír Chonaill mar aon le himeachtaí Gàidhlig agus céilí mór ar siúl. Chomh maith leis sin, déanfar oilithreacht timpeall ar na suíomhanna ba mhó a bhí luaite leis an naomh agus déanfar Cuairt an Chlacháin ar Dhaoniarsmalann an Athair Mhic Daidhir ('An Clachán')
Oíche Shathairn beidh ceolchoirm mhór ann nuair a rachaidh na hamhránaithe agus ceoltóirí clúiteacha Doimnic Mac Giolla Bhríde agus Griogair Labhruidh chun stáitse.
Tá an-nasc ag Griogair leis an gclann chlúiteach teaghlach Lawrie as Ballachulish a bhfuil clú agus cáil orthu in Albain de bharr a gcuid ceoil ardchríocha.
Is minic a bhíonn Griogair le cloisteáil ag féilte éagsúla timpeall na tíre seo agus thar lear agus bíonn meascán iontach de shean-amhráin Gàidhlig aige mar aon le neart sean-nóis na tíre seo.
Is as Na Doirí Beaga i dTír Chonaill de Doimnic Mac Giolla Bhríde fear a bhain an bonn óir amach i gcomórtas na bhfear sa bhliain 2008 agus chroch sé leis Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2009 i Leitir Ceanainn. Mar aon le bheith ina amhránaí sean-nóis cumasach seinneann Doiminic ar na píopaí agus ar an gcairdín. Bíonn sé i bhfeighil ranganna amhránaíochta ar an sean-nós i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna himeachtaí seo a leanas:
Comórtas Peile na Gaeltachta 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #feile