Seolfar an siollabas nua inniu i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach agus is é an tríú siollabas atá deartha ag an ngrúpa comhairleach, An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal.Is iad an Dr Máirín Nic Eoin ó Choláiste Phádraig agus an Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh atá ina chomhstiúrthóirí ar an tionscadal. Tá sé bunaithe ar shlat tomhais idirnáisiúnta, an Fráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’Fhoghlaim Teangacha.“Is siollabas comhtháite é agus tá na scileanna teanga go léir i gceist”, dar leis an Dr Máirín Nic Eoin, comhstiúrthóir an tionscadail. Tugtar san áireamh sa siollabas riachtanais éagsúla agus cumas teanga na mac léinn chomh maith leis na téamaí, scileanna teanga agus torthaí foghlamtha a bheidh i gceist sa siollabas úr.Tá an siollabas don chéad bhliain agus don dara bliain ar fáil chomh maith leis an siollabas úr don tríú bliain ar http://www.teagascnagaeilge.ie/.©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Feabhra 2012.
↧