Ceist chonspóideach atá sa tSamhail Nua Mhaoinithe faoin tráth seo, le seasamh láidir glactha ag eagrais Ghaeilge, agus ag lucht léann sa tsochtheangeolaíocht agus sa phleanáil teanga in aghaidh na Samhla. Tá achainí ar líne sínithe ag os cionn 1,300 duine le seachtain anuas, agus iad den tuairim go bhfuil an tsamhail nua mhaoinithe “lochtach go smior” agus go mbeidh mar thoradh air ná “dochar aimhleasach” don Ghaeilge.
Teastaíonn ó Fhoras na Gaeilge deis a thabhairt don phobal tuairimí a nochtadh maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe. Tionóladh an chéad chruinniú poiblí aréir i dTrá Lí, agus beidh cruinnithe eile ar siúl sa choicís romhainn ag na hionaid/dátaí thíos.
• Cúige Uladh: Cultúrlann Bhéal Feirste - 8 Márta 2012
• Cúige Chonnacht: Óstán Pháirc Mionlach, ( Menlo Park Hotel) Gaillimh- 12 Márta- 7 in
• Cúige Laighean: Halla Fhoras na Gaeilge, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 - 14 Márta- 7 in
Tá eolas faoin tSamhail Nua Maoinithe agus na Doiciméid Comhairliúcháin ar fáil ag: www.gaeilge.ie/samhail
Cuirfear seirbhís ateangaireachta comhuainí ar fáil le linn na n-ócáidí seo, agus cuirfear fáilte roimh chách.
© Gaelport.com 06 Márta 2012
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #samhail #gaeilge
↧