Bhí dhá seimineár i gceist, ceann i mBéal Átha na Sluaighe ar an gCéadaoin agus ceann eile in Inis i gCo. An Chláir ar an Déardaoin.In Inis maidin Déardaoin chuala daltaí scoile as Contae An Chláir na buntáistí a thug an Ghaeilge don phainéil nuair a thug Conor Keane, Siún Nic Gearailt, Dónal Ó hAiniféin, , Emer Ní Fhlaitheartaigh agus Breandán Mac Fhionnghaile cuntas an-spreagúil ar a gcuid oibre agus an bhaint lárnach atá ag an nGaeilge lena gcuid poist laethúil. Ar ndóigh, cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus bhí an-deis ag na dhaltaí scoile páirt a ghlacadh sa díospóireacht le linn na seimineáir.Comhghairdeas le Donnagh Ní Anracháin, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí a bhuaigh an príomhdhuais ag an seimineár i mBéal Átha na Sluaighe agus le Clóe Ní Mhaoilchaoin as Coláistepobail Naomh Mícheáil i gCill Mhicheáil a bhain amach an duais mór in Inis. Bhuaigh an bheirt acu leath scoláireacht i gColáiste Samhraidh Coláiste Laichtín, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe luach €440 an duine.Léirigh na haoichainteoirí go léir do na daltaí a bhí i láthair, nach gá gurb as an nGaeltacht thú chun gairm beatha a bhaint amach i saol na Gaeilge.Tá semineáir eile le reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge amach anseo: Newgrange Hotel, An Uaimh, Co. na Mí - 27 Márta 2012The Anner Hotel, Dúrlas Éile, Co. Thiobraid Árann - 17 Deireadh Fómhair 2012Whites Hotel, Loch Garman - 18 Deireadh Fómhair 2012Killashee House Hotel, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara - 15 Samhain 2012Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar dean teagmháil le 01 6794780.©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Márta 2012Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #bbnag
↧