Tá an tÚdarás ag feidhmiú gan príomhfheidhmeannach buan ó mhí na Nollag, 2010.
Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980. Tá ról lárnach ag an Údarás i saol na Gaeltachta mar go cuireann siad forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta chun cinn agus é mar aidhm fhoriomlán aige an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathadh mar phríomhtheanga phobail an réigiúin.
D’éirigh iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin as ról an phríomhfheidhmeannaigh breis is bliain ó shin agus tá Seán Ó Labhraí ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach Eatramhach ó mhí Eanáir 2011 go dtí an lá inniu toisc nach bhfuil príomhfheidhmeannach buan ceaptha go fóill.
Is post dúshlánach atá ann don phríomhfheidhmeannach nua lena n-áirítear an ról ar leith atá ag an Údarás Straitéis 20 bliain na Gaeilge a chur i bhfeidhm. Anuas air sin, Comhoibreoidh an Príomhfheidhmeannach leis an mBord chun straitéis, polasaí agus pleananna a thionscnamh agus a fhorbairt chun aidhmeanna na heagraíochta a chur chun cinn. Léireoidh an té a cheapfar ceannasaíocht chun a chinntiú go mbeidh an tÚdarás ag feidhmiú chomh maith is atá ar a chumas chun infreastruchtúr eacnamaíochta agus sóisialta na Gaeltachta a fhorbairt.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin bpost chomh maith le sonraí iomlána an phoist agus conas iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin www.publicjobs.ie. Glacfar le hiarratais go dtí Dé Céadaoin, 21 Márta 2012.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012
Lean an scéal agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge @UdarasnaG
↧