Mar chuid d’Fhéile an Earraigh 2012, tá sraith d’imeachtaí den chéad scoth eagraithe i mbliana le scoth na gceoltóirí agus bannaí ceoil ag dul chun stáitse.
Beidh an fhéile mhór cheoil agus chultúrtha seo ar siúl ón gCéadaoin 14 Márta go dtí an Domhnach 18 Márta 2012.
Ar an Aoine rachaidh an grúpa ceoil aitheanta Kíla agus an t-amhránaí agus an ceoltóir cumasach as iarthar Bhéal Feirste Gráinne Holland chun stáitse ag 8pm sa Bank Square Marquee.
Beidh scoth na mbannaí ceoil ag dul ar stáitse le linn na féile. Mar chuid de cheiliúradh mór Lá le Pádraig beidh siamsaíocht den scoth leis na bannaí ceoil The ShamRogues agus Bréag ag 8pm sa Bank Square Marquee.
Ar an Domhnach 18 Márta leanfar leis an gceiliúradh le neart ceoil le The Rapparees & Bernadette Morris. Tuilleadh Eolais : www.feilebelfast.com
© Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Márta 2012
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #Gaeilge
↧