Scríobh An Fóram, chuig na hAirí Carál Ní Chuilín MLA agus Dinny McGinley TD inné, agus iad ag cur in iúl an easpa iontaoibhe atá acu as an bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh le deireanaí ag Foras na Gaeilge maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe atá beartaithe d’earnáil na Gaeilge.
Is grúpa é an Fóram atá ionadaíoch ar 80% de na heagrais Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.
Tagann an cáineadh ar an bpróiseas comhairliúcháin seo sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann coicís ón lá inné, ag léiriú amhrais ar an tionchar a bheadh ag an tSamhail Nua Mhaoinithe ar eagraíochtaí Gaeilge, agus ag léiriú amhrais ar an bpróiseas comhairliúcháin a bhain leis.
19 n-eagraíocht a fhaigheann bunmhaoiniú bliantúil ó Fhoras na Gaeilge faoi láthair, ach punann de 8 scéim atá curtha chun cinn anois mar mhúnla nua maoinithe don earnáil. Cuireadh tús leis an bpróiseas seo sa bhliain 2008, agus tá mar sprioc ag an tsamhail mhaoinithe iomaíoch nua, tairbhí suntasacha luach ar airgead a bhaint.
Mar chuid den tSamhail, bheadh iarratasóirí á maoiniú, bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sa scéim, seachas bunaithe ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.
Sa chomhfhreagras chuig na hAirí, leagann An Fóram amach sraith fhada de chúiseanna imní i ndáil leis an bpróiseas comhairliúcháin deireadh. Dar leis an bhFóram, go bhfuil “easpa iontaoibhe forleathan i measc na n-eagras agus i measc an phobail i gcoitinne maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh”.
Sa litir chuig na hAirí cuirtear i leith an Fhorais gur chuir an doiciméad comhairliúcháin “dúshlán nach beag” roimh an bpobal tabhairt faoin gceistneoir a fhreagairt, ó tharla go raibh 108 leathanach ann. De réir an Fhóraim, phléigh an comhairliúchán le hábhar na dréachtscéimeanna amháin, in áit choincheap na samhla nua a phlé.
Cuirtear in iúl sa litir go bhfeictear don Fhóram go bhfuil coimhlint leasa dealraitheacht ag eascairt as conradh gnó do Chomhairleoireacht Bainistiú Tionscadail a bhronnadh ar an gcomhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.
Is cosúil go bhfuil eagrais an Fhóraim míshásta freisin gur fágadh isteach agus gur cuireadh na mílte aighneachtaí aonaracha chuig oifigí Fhoras na Gaeilge ó chliaint na n-eagras roimh spriocdháta an phróisis, ach nach bhfuil tásc ná tuairisc d’fhormhór mhór na n-aighneachtaí seo ar shuíomh an Fhorais.
Deir Cathaoirleach an Fhóraim, Antoine Ó Coileáin, gur chuir sé an-díomá air féin nár foilsíodh an méid a dúradh ag na seisiúin phoiblí agus nach fios cén aird atá an Foras ag tabhairt don méid a dúradh ag na cruinnithe poiblí.
Sonraítear sa litir go bhfuil fianaise ag an bhFóram go ndeachaigh ar a laghad aighneacht amháin ó eagraíocht dheonach amú sa phróiseas comhairliúcháin, ach nach fios cé mhéad aighneachtaí eile a chuaigh amú sa phróiseas toisc fadhbanna teicneolaíochta ó thaobh an Fhorais de.
Ar bhuille mheánlae i dTeach Laighean inniu, seolfar tuarascáil ar an tSamhail Nua Mhaoinithe atá curtha le chéile ag an gCoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht. Sa bhreis ar mholtaí i leith na samhla nua maoinithe a chur chun cinn, nochtfar tuairimí an Chomhchoiste sa tuarascáil seo ar shaincheisteanna na Samhla.
Dar le Cathaoirleach an Choiste, Ciarán Ó Loinsigh, TD, “Beartaítear leis an Tuarascáil seo tuairimí na ndaoine siúd ar cás leo ár dteanga náisiúnta, agus a bhfuil de dhiongbháilteacht iontu obair ar a son, a chur in iúl go díreach don Rialtas".
© Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meitheamh 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com agus ar Facebook: #Gaeilge #samhail

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Todhchaí na nEagras Gaeilge le plé ag Comhchoiste Oireachtais
As na Nuachtáin:Assembly concern at proposed changes to Irish language funding
Corn an Aire ag fanacht i dTír Chónaill arís