Tá leasuithe suntasacha molta ag an gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht don tSamhail Nua Mhaoinithe d’earnáil dheonach na Gaeilge.
Foilsíodh tuarascáil an chomhchoiste i dTeach Laighean inniu. Shocraigh an Coiste Oireachtais ar thuarascáil a choimisiúnú tar éis dóibh éisteacht le tuairimí na neagras bunmhaoinithe agus le tuairimí Fhoras na Gaeilge ar mhaoiniú na n-eagras amach anseo.
Sa tuairisc moltar gur cheart bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí comhpháirtíochta chun soláthar fíorthábhachta a chothabháil do phobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin moltar ann nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.
Is léir go mbeidh cuíchóiriú de shaghas éigin i gceist don earnáil amach anseo agus moltar gur cheart go mbeadh an múnla nua bunaithe ar scéimeanna.
Sa chás sin bheadh freagrachtaí agus dualgais na rannpháirtithe go léir soiléir ón tús agus bheadh an scéim bunaithe ar chomhaontú idir Foras na Gaeilge agus an eagras agus go mbeadh sin socraithe le conradh seirbhíse a mhairfeadh idir aon bhliain amháin agus cúig bliana.
Easnaimh Straitéiseacha
I mí Bealtaine 2010, d'fhógair Foras na Gaeilge Samhail Nua Mhaoinithe, a bhí "glanta i bprionsabal" ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas.
Punann scéimeanna atá i gceist leis an tSamhail nua mhaoinithe, de réir catagóirí éagsúla. Tá an tSamhail á phlé go forleathan ó shin i leith idir na heagrais bhunmahoinithe, Foras na Gaeilge agus sna meáin chumarsáide.
Tugtar le fios sa tuarascáil áfach nach bhfuil straitéis uileghabhálach nó creatlach teoiriciúil ina bhfuil an tsamhail mhaoinithe nua fréamhaithe ann go sonrach.
Sa tuarascáil a foilsíodh inniu moltar gur cheart do Fhoras na Gaeilge plean straitéiseach a ullmhú ina leagfaí amach conas a chuirfear leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus leis an Straitéis don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an maoiniú a bheidh á gcur ar fáil do na heagrais.
Moltar freisin gur cheart go mbeadh an straitéis sin bunaithe ar prionsabail pleanála teanga agus go dtabharfadh sé aird ar riachtanais na hearnála deonaí.
Faoi láthair tá 19 eagraíocht bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge.Tá an múnla reatha mhaoinithe i bhfeidhm ó bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999, nuair a aistríodh cúram ocht n-eagras déag Gaeilge a bhí ag fáil maoiniú ón dá Stát go dtí an comhlacht.
Moltar ann go ndéanfar measúnú ar obair na neagras bunaithe ar róil agus freagrachtaí na n-eagras; soláthar tíreolaíoch, an ról atá saorálaithe san obair agus rialachs corparáideach gach eagraíochta.
Neamhspleáchas
Luaitear sa tuarascáil chomh maith go mbeadh impleachtaí ann do neamhspleáchas na neagras faoin tsamhail reatha. Deirtear go méadaíonn an tSamhail “an ceannas atá ag Foras na Gaeilge ar a gcuid acmhainní agus laghdaíonn sé neamhspleáchas na n-eagras maoinithe”.
Agus é ag seoladh na tuarascála dúirt Cathaoirleach an Choiste, Ciarán Ó Loinsigh TD go mbeidh na moltaí á gcur ar aghaidh chuig an Rialtas agus dúirt sé go raibh sé ag súil go ndéanfaidh an Rialtas breithniú cúramach ar an moltaí. Tá an tuarascáil ar fáil le léamh anseo.
Ceisteanna Dála
Ach ní hé an tuarascáil an t-aon rud ó thaobh na Gaeilge de a bheidh á phlé i dTeach Laighean inniu nuair a thiocfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Dinny Mc Ginley T.D. os comhair na Dála ag 2.30pm chun cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé.
Cuirfear réimse leathan de cheisteanna ar an Aire Stáit Gaeltachta Dinny McGinley TD lena n-áirítear An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, Oifig an Choimisinéara Teanga agus Campaí Samhraidh Gaeltachta.
Cuirfear ceist air maidir le líon na gcruinnithe a thionól Coistí idir-Rannacha atá freagrach as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus na torthai atá bainte amach acu.
Iarrfar air chomh maith an bhfuil sé i gceist ag an Roinn athrú a dhéanamh ar scéimeanna na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht.
Cuirfidh Pádraig Lochlainn ó Shinn Féinn ceist air an bhfuil i gceist ag an Roinn scéim cosúil le Líofa 2015 a chur ar fail sa stat seo. Anuas iar sin, cuirfear ceist air maidir le hOifig an Choimisinéara a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus léiriú a dhéanamh ar shábhailtí airgid dá bharr.

© Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
“Easpa Iontaoibhe” ag eagrais Ghaeilge as Próiseas Comhairliúcháin an Fhorais
Assembly concern at proposed changes to Irish language funding
Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht #samhail