Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ráitis na nEagras ar mholtaí an Chomhchoiste Oireachtais

$
0
0
Foilsíodh tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar maidin agus moladh go gcuirfí roinnt leasuithe suntasacha i bhfeidhm sa mhúnla maoinithe atá beartaithe do na heagrais dheonacha. Tá tuairisc iomlán ar fáil anseo ach seo chugaibh tuairimí na n-eagras mar a scaipeadh ar na meáin iad ar maidin.

Conradh na Gaeilge:

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an moladh go mba cheart bunmhaoiniú a thabhairt do na heagrais chomhpháirtíochta Ghaeilge faoin tSamhail Nua Mhaoinithe de chuid Fhoras na Gaeilge, agus nár cheart scéimeanna a chur ar forthairiscint iomaíocht, de réir na tuairisce a d'eisigh an Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht inniu (Dé Céadaoin, 06 Meitheamh 2012).
 
Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá Conradh na Gaeilge agus Aontas Phobal na Gaeilge ag moladh córas comhpháirtíochta chun luach airgid agus seirbhís níos éifeachtaí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, tríd na heagrais a chur ag obair le chéile, ní tríd iad a chur in iomaíocht lena chéile, agus is mór an tacaíocht í go n-aontaíonn an Comhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht leis an moladh seo."
 
Thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge i mí na Nollag 2009 agus mar thoradh air seo, d’fhógair Foras na Gaeilge Samhail Nua Mhaoinithe i mí na Bealtaine 2010.
 
Cé nár moladh córas scéimeanna iomaíoch oiread agus uair amháin sa trí thréimhse sa phróiseas comhairliúcháin le hearnáil agus le pobal na Gaeilge go dtí seo, is é sin a bhí á moladh ag Foras na Gaeilge sa phunann Dréachtscéimeanna faoin tSamhail Nua Mhaoinithe bheartaithe, áit go mbeadh iarratasóirí á maoiniú bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal agus ar bhaint amach na spriocanna leagtha síos ag an bhForas, seachas ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.
 
Arsa Ó hAodha: "Is léir ón tuairisc a eisíodh inniu go dtuigeann an Comhchoiste na deacrachtaí airgeadais gur ghá d'earnáil dheonach na Gaeilge a shárú trí athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcóras maoinithe, ach go dtuigeann siad freisin an luach a bhaineann le hobair na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe, agus na fadhbanna dosháraithe a bheadh acu ag feidhmiú laistigh den tSamhail Nua Mhaoinithe bheartaithe a bhí á moladh ag Foras na Gaeilge go dtí seo."
 
Rinne Conradh na Gaeilge, Guth na Gaeltachta agus Aontas Phobal na Gaeilge cur i láthair don Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht ar cheist Oifig an Choimisinéara Teanga, agus ar cheist mhaoiniú Sheachtain na Gaeilge agus na n-eagraíochtaí Gaeilge eile amach anseo, ar an 08 Feabhra 2012; d'imigh Foras na Gaeilge os comhair an Chomhchoiste céanna ar an 28 Feabhra 2012.
 
Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Ba mhór againn an deis labhairt leis an gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht faoin mbuaireamh agus faoi na fadhbanna a bhí ag Conradh na Gaeilge, fóram daonlathach phobal na teanga, i dtaca le Samhail Nua Mhaoinithe bheartaithe Fhoras na Gaeilge. Is dul chun cinn ríthábhacht é don phróiseas comhairliúcháin atá ag dul ar aghaidh maidir le maoiniú na hearnála Gaeilge tuairisc an Chomhchoiste seo, ó tá tacaíocht traspháirtí aige."
 
Tá Conradh na Gaeilge anois ag éileamh ar Fhoras na Gaeilge agus ar CATT moltaí ríthábhachtacha an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht a ghlacadh san áireamh in aon chóras maoinithe nua, ina measc nár cheart scéimeanna a chur ar forthairiscint iomaíocht, agus go mba cheart go bhfreastalóidh an tsamhail nua ar riachtanais ar leith earnáil agus phobal na Gaeilge.
 
Leanann de Spáinn: "Tá moladh ag dul leis an gComhchoiste as éisteacht chóir a thabhairt d'ionadaithe na n-eagraíochtaí, agus as na haighneachtaí a seoladh isteach chucu a scrúdú go mion, chun moltaí fiúntacha, tábhachtacha a dhéanamh go díreach don Rialtas maidir leis an athstruchtúrú ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge sa tuairisc a d'eisigh siad ar an tSamhail Nua Mhaoinithe bheartaithe inniu."
 
Gael Linn

Fáiltíonn Gael Linn roimh thuairisc ó Chomhchoiste Oireachtais a rianaíonn bealach as an tsáinn ina bhfuil an tSamhail Nua Mhaoinithe, atá á moladh ag Foras na Gaeilge. Leagtar béim sa tuairisc ar an gcomhdhearcadh atá idir na páirtithe ar na mórcheisteanna agus moltar go dtabharfadh na hAirí cuí  ‘treoirlínte ar leith  d’Fhoras na Gaeilge ionas go ndéantar breis dul chun cinn ar shamhail nua mhaoinithe a chothú’.

Tar éis don Chomhchoiste na ceisteanna a scagadh agus éisteacht leis na páirtithe, d’fhoilsigh siad a dtuairisc inniu. Sa tuairisc, aithnítear ról criticiúil na hearnála deonaí agus an gá atá ann go mbainfí leas aisti chun sochar straitéisí pleanála don Ghaeilge. Aithnítear chomh maith go bhfuil cuid mhór  pointí comónta idir Foras na Gaeilge agus na heagrais, agus ar an mbonn sin, moltar bealach chun cinn. Ar an tátal is suntasaí tá an méid seo a leanas:

Sula ndéanfaí múnla maoinithe a fhorbairt, molann an tuairisc go nglacfaí trí chéim:

1.    Go ndéanfaí measúnú ar na heagrais bhunmhaoinithe

2.    Gur cheart d’Fhoras na Gaeilge Plean Straitéiseach a ullmhú, straitéis a bheadh ag teacht le prionsabail na pleanála teanga agus a thógfadh san áireamh riachtanais ar leith an phobail dheonaigh agus polasaí Gaeilge pobalbhunaithe.

3.    Bunaithe ar an dá phointe réamhráite, gur cheart go n-aontódh Foras na Gaeilge cuíchóiriú na hearnála leis na heagrais bhunmhaoinithe.

Ar na moltaí eile de chuid an Chomhchoiste a bhfuil tábhacht leo tá:
?    gur cheart go mbeadh bunmhaoiniú lárnach sa tsamhail
?    nach próiseas iomaíoch a bheadh ann maidir le seirbhísí conartha a aontófaí leis an bhForas
?    go mairfeadh conarthaí seirbhíse ar feadh tréimhsí suas le cúig bliana.

Creideann Gael Linn go bhfuil bunús réitigh i moltaí an Chomhchoiste agus tréaslaímid a gcuid oibre leis an gCathaoirleach agus le baill uile-pháirtí an choiste; is eiseamláir í an tuairisc de mhodh oibre éifeachtach.

Iarraimid ar na hAirí Séamus Ó Duibhneacháin agus Donnchadh Mac Fhionnlaoich, i gcomhpháirt lena gcomhleacaí sa CATT, moltaí na tuairisce a nótáil agus a fheidhmiú mar ábhar práinne.


Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh an tuarascáil neamhspleách traspháirtí ón gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar agus Gaeltacht ar an tSamhail Nua Mhaoinithe.  

19 n-eagraíocht a fhaigheann bunmhaoiniú bliantúil ó Fhoras na Gaeilge faoi láthair.  Cuireadh tús le hathbhreithniú ar an earnáil bhunmhaoinithe sa bhliain 2008, agus mhol an Foras punann de 8 scéim iomaíoch mar bhealach nua maoinithe don earnáil.  Mar chuid den tSamhail mholta, bheadh iarratasóirí á maoiniú, bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sa scéim, seachas bunaithe ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.

Leagtar béim sa tuairisc a d’fhoilsigh an Comhchoiste Dála inniu ar thábhacht an bhunmhaoinithe, chun soláthar seirbhísí fíorthábhachta a chothabháil agus chun tacú le pobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach.  Sonraítear go ríshoiléir sa tuairisc nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.

Tagann na moltaí seo ón gComhchoiste sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann coicís ó shin, inar léiríodh an-amhras faoi thionchar na samhla nua maoinithe ar an nGaeilge, agus faoin gcur chuige maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Ag labhairt ag seoladh na tuairisce, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Is céim mhór chun cinn í seo d’earnáil dheonach na Gaeilge, agus táimid buíoch den Chomhchoiste as a saothar i leith na tuairisce.  Tugann an tuairisc seo léamh neamhspleách ar cheist na samhla nua maoinithe, agus tá moltaí ann do na geallsealbhóirí go léir”.  

Deir De Barra gur gá anois do na heagrais Ghaeilge agus d’Fhoras na Gaeilge oibriú “i gcomhar lena chéile chun tabhairt faoi thaighde cuimsitheach ar obair reatha na hearnála deonaí Gaeilge. Ag baint úsáide as an taighde sin agus as saineolas siúd atá tuisceanach ar an earnáil dheonach agus ar athrú bainistíochta is gá teacht aníos leis an mbealach is fearr chun cinn d’earnáil dheonach na Gaeilge, le go gcuirfí na seirbhísí is fearr ar fáil don phobal ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla”

Éilíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Fhoras na Gaeilge agus ar Airí na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas: Carál Ní Chuilín, MLA; Jimmy Deenihan, TD; agus Dinny McGinley TD, moltaí an Chomhchoiste Oireachtais a thabhairt san áireamh in aon phlé ar chóras maoinithe nua don earnáil.

Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meitheamh 2012.



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>