Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh an tuarascáil neamhspleách traspháirtí ón gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar agus Gaeltacht ar an tSamhail Nua Mhaoinithe.
19 n-eagraíocht a fhaigheann bunmhaoiniú bliantúil ó Fhoras na Gaeilge faoi láthair. Cuireadh tús le hathbhreithniú ar an earnáil bhunmhaoinithe sa bhliain 2008, agus mhol an Foras punann de 8 scéim iomaíoch mar bhealach nua maoinithe don earnáil. Mar chuid den tSamhail mholta, bheadh iarratasóirí á maoiniú, bunaithe ar chur i bhfeidhm na dtionscadal luaite sa scéim, seachas bunaithe ar shamhail an bhunmhaoinithe eagraíochtúil mar a bhí go dtí seo.
Leagtar béim sa tuairisc a d’fhoilsigh an Comhchoiste Dála inniu ar thábhacht an bhunmhaoinithe, chun soláthar seirbhísí fíorthábhachta a chothabháil agus chun tacú le pobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach. Sonraítear go ríshoiléir sa tuairisc nár cheart go mbeadh scéimeanna faoi réir tairisceana iomaíche.
Tagann na moltaí seo ón gComhchoiste sna sála ar rún a ritheadh i dTionól Thuaisceart Éireann coicís ó shin, inar léiríodh an-amhras faoi thionchar na samhla nua maoinithe ar an nGaeilge, agus faoin gcur chuige maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin.
Ag labhairt ag seoladh na tuairisce, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Is céim mhór chun cinn í seo d’earnáil dheonach na Gaeilge, agus táimid buíoch den Chomhchoiste as a saothar i leith na tuairisce. Tugann an tuairisc seo léamh neamhspleách ar cheist na samhla nua maoinithe, agus tá moltaí ann do na geallsealbhóirí go léir”.
Deir De Barra gur gá anois do na heagrais Ghaeilge agus d’Fhoras na Gaeilge oibriú “i gcomhar lena chéile chun tabhairt faoi thaighde cuimsitheach ar obair reatha na hearnála deonaí Gaeilge. Ag baint úsáide as an taighde sin agus as saineolas siúd atá tuisceanach ar an earnáil dheonach agus ar athrú bainistíochta is gá teacht aníos leis an mbealach is fearr chun cinn d’earnáil dheonach na Gaeilge, le go gcuirfí na seirbhísí is fearr ar fáil don phobal ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla”
Éilíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Fhoras na Gaeilge agus ar Airí na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas: Carál Ní Chuilín, MLA; Jimmy Deenihan, TD; agus Dinny McGinley TD, moltaí an Chomhchoiste Oireachtais a thabhairt san áireamh in aon phlé ar chóras maoinithe nua don earnáil.
Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Eisithe 06 Meitheamh 2012