Tar éis stocaireacht leanúnach ó eagrais Ghaeilge le blianta anuas, foilsíodh Bille na Gaeltachta 2012 inniu.
Faoin mBille úr leagfar amach Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ar ainmniú ón Aire Gaeltachta. Ciallóidh na limistéir nua seo gur ar chritéir theangeolaíocha in áit chritéir thíreolaíoch a bheidh ceantair Ghaeltachta bunaithe amach anseo, mar a leagadh amach sa Phróiseas Pleanála Teanga a foilsíodh níos túisce i mbliana. Naoi gceantar déag pleanála teanga faoi leith a ainmneofar agus beidh plean teanga le réiteach ag gach ceantar a bheidh le haontú ag an Aire. Tá imní léirithe roimhe seo ag an gComhdháil maidir le sainmhíniú na gceantar seo, toisc go bhfuil na ceantair sin an-fhairsing agus dar leis an gComhdháil nach bhfuil dóthain airde á thabhairt ar an gcatagóiriú A, B agus C a cuireadh chun cinn sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Déantar cur síos freisin i bhforálacha an Bhille ar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Ullmhóidh eagrais, atá lonnaithe i mbaile a chuireann seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta, plean teanga i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge. Dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur gá soiléiriú a thabhairt maidir leis an gcineál tacaíochta a bheidh á cur ar fáil do na heagrais phobail, agus gur gá go mbeadh tacaíochtaí chomhchosúla á gcur ar fáil d’eagrais, bíodh siad á bhfáil ó Fhoras na Gaeilge nó ó Údarás na Gaeltachta.
De réir an Bhille nua, leagfar amach Líonraí Gaeilge. Pobail Ghaeilge is ea na líonraí seo, a thacaíonn le húsáid na Gaeilge, agus a bhfuil pleananna teanga comhaontaithe acu le Foras na Gaeilge. Is faoi Fhoras na Gaeilge a bheidh sé a mheas an bhfuil eagraíocht ionadaíoch ar an bpobal sula ndéanfar plean teanga a ullmhú idir iad féin agus Foras na Gaeilge. Tá buiséad Fhoras na Gaeilge á chiorrú bliain i ndiaidh bliana agus is deacair a shamhlú go mbeidh de chumas ag an bhForas an scéim seo a chur i gcrích laistigh dá n-acmhainní reatha. Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag iarraidh soiléirithe maidir le ról an Fhorais sa chás seo, agus eolas faoin gcritéir a bheidh in úsáid ag an bhForas chun “ionadaíocht” a mheas.
Má reachtaítear Acht na Gaeltachta 2012, beidh leasuithe le déanamh dá réir ar an Acht um Údarás na Gaeltachta (1979). Leagtar amach sa Bhille nua go laghdófar líon na gComhaltaí ar Bhord an Údaráis ó 20 go 12. As an dá chomhalta dhéag a bheadh le ceapadh, bheadh Cathaoirleach an Bhoird, mar aon le seisear comhalta eile ceaptha ag an Aire Gaeltachta. Is ar ainmniúchán ó Chomhairlí Contae sna contaetha Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, agus Ciarraí a bheadh ceathrar comhalta eile le hainmniú, agus iad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige cúig bliana. Ceapfar comhalta amháin eile ar bhonn sealaíochta, ar feadh tréimhse dhá bhliain, ar ainmniúchán ó Chomhairlí Contae ó chontaetha ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta mar atá Port Láirge, Corcaigh agus an Mhí.
Chuir Kevin De Barra, Stiúrthóir Gníomhach ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú an Bhille Gaeltachta, go háirithe agus An Chomhdháil ag moladh go dtiocfadh an Bille seo chun cinn sa Rialtas le blianta anuas. Dúirt De Barra go bhfuil an “Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, agus cuspóirí Bhille na Gaeltachta ag brath go mór ar ionchur agus ar thacaíocht an phobail. Leis an mbealach úr atá molta chun Bord Údarás na Gaeltachta a thoghadh, is beag ionchur a bheidh ag an bpobal sa phróiseas sin, agus is deacair a shamhlú go gceapfar Bord atá ionadaíoch ar an bpobal”.
Dar le De Barra go bhfuil go leor moltaí maithe curtha chun cinn sa Bhille Gaeltachta, ach go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt. I measc na gceisteanna sin deir De Barra go mbeidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag iarraidh eolais maidir leis na critéir sainiúla a n-úsáidfear agus limistéir Ghaeltachta á meas amach anseo, agus ag moladh go ndéanfaí “soiléiriú ar an gcomhordú a dhéanfar idir ról Údarás na Gaeltachta agus ról Fhoras na Gaeilge i gcur i bhfeidhm fhorálacha an Bhille, go háirithe ó tharla go bhfuil feidhmeanna an-éagsúil ag an dá eagraíocht, agus gur foras tras-teorainn í Foras na Gaeilge”.
Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Eisithe ar 19.06.2012