Bronnadh fáinne airgid ar Leas-Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) Judith Gillespie ag searmanas stairiúil in oirthear Bhéal Feirste inné.
Caitheann cainteoirí Gaeilge an Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus bronntar an fáinne airgid ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.
Ba í an tAire Cultúir agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín a bhronn an fáinne uirthi lena cuid dul chun cinn i bhfoghlaim na Gaeilge a cheiliúradh. Bhí an tAire i mbun cuairte ar ionad traenála SPTE, áit a bhíonn ranganna Gaeilge ar siúl ann go rialta.
Deir Gillespie go bhfuil sí ríthábhachtach go mbeadh an tseirbhís póilíneachta ábalta cumarsáid a dhéanamh le pobail éagsúla i dTuaisceart Éireann agus go raibh an SPTÉ ag iarraidh éagsúlacht teangacha a chothabháil.
Tá an leas-ardchonstábla ag glacadh páirte sa bhfeachtas Líofa 2015. Is é an sprioc atá ag an tionscadal seo ná go mbeadh míle duine atá ag cur fúthu i dTuaisceart Éireann líofa sa Ghaeilge roimh 2015.
Éacht a bhí ann, dar le Carál Ní Chuilín “Tá baint ag an leas-ardchonstábla, Judith Gillespie, le hiarrachtaí leanúnacha seirbhís póilíneachta an tuaiscirt a nuachóiriú agus le go mbeidh hionadaíocht ar an sóchaí ina iomlán ag SPTÉ”, a dúirt an tAire Ní Chuilín.
Is í Gillespie an chéad bhean ar ceapadh riamh mar leas-ardchonstábla na seirbhíse póilíneachta.
As na Nuachtáin: Gaeltacht Bill to trigger status change

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais Bille Gaeltachta le plé sa Seanad DéardaoinAs na Nuachtáin: Gaeltacht Bill to trigger status change
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht