I gcroílár Gaeltacht Chonamara cúpla míle siar an bóthar ó cheannáras TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh mic léinn in ann tabhairt faoi chúrsa nua MA sa Chumarsáid ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.
Cúrsa lánaimseartha bliana is ea é a bheidh á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Is é an chéad chúrsa dá chineál atá á thairiscint go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
Leis seo cuirfear deireadh leis an Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach. I measc na scoláirí a thug faoin gcúrsa sin bhí Siún Nic Gearailt agus sheol sí an cúrsa nua inné i gCathair na Gaillimhe.
Dúirt Siún gur ‘oscailt súl’ a bheadh sa chúrsa do mhic léinn ar thionscal na meán. “Má cheapann tú nach gá duit ach suí os comhair ceamara nó micreafóin agus labhairt, beidh thiar ort,” a dúirt sí. “Bíonn an t-uafás oibre ar bun ag daoine os comhair agus taobh thiar den cheamara, sa seomra stiúrtha, ar an deasc eagarthóireachta agus gan dabht ag cur scéalta an lae le chéile.
Deirtear go mbeidh an-bhéim ar réimse leathan ábhar a bhaineann leis an gcraoltóireacht raidió agus teilifíse, leis an iriseoireacht, agus leis an aisteoireacht don scáileán.
Déanfaidh na mic léinn speisialtóireacht le linn an chúrsa i gceann de na réimsí seo leanas: staidéar na físe, iriseoireacht fheidhmeach, na meáin dhigiteacha agus drámaíocht sna meáin.
Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne tríd an gcóras iarchéime PAC ag www.pac.ie/nuigalway.

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Meitheamh 2012
Sean go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Bille Gaeltachta le plé sa Seanad Déardaoin
Oireachtas Cheanada le ceiliúradh don dara bliain as a chéile
Folúntais: Cuntóir Naíscoile á lorg
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht
Agus ná déan dearmad go bhfuil cur síos cuimsitheach ar chúrsaí agus ranganna Gaeilge ar fáil ar http://www.gaelport.com/cursai.