Tá méadú tagtha ar líon na ndeiseanna chun an Ghaeilge a mhúineadh agus cultúir na nGael a roinnt i dtíortha cosúil le Meiriceá, an Astráil, an tSín agus Ceanada le blianta beaga anuas.
Tá Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada ag glacadh le hiarratais chun tacú le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna áirithe i gCeanada i láthair na huaire. Bhunaigh an Dr Craig Dobbin, Talamh an Éisc, agus an Dr Pádraig Ó hIrghile, iar-Uachtarán na hÉireann, an Fhondúireacht sa bhliain 1994.
Níl uait ach líofacht sa Ghaeilge agus cáilíocht tríú leibhéal chun iarratas a dhéanamh. Beidh taithí ag múineadh na Gaeilge chomh maith le haon cháilíochtaí nó scileanna iomchuí eile ina gcabhair d’iarratasóirí.
Caithfidh na hiarrthóirí a cheapfar tréimhse naoi mí (Meán Fómhair 2012 – Bealtaine 2013) sna hollscoileanna seo leanas:
• University of St. Michael’s College, University of Toronto, Ontario
• Concordia University, Montreal, Quebec
• St. Francis Xavier University, Antigonish, Nova Scotia
• St. Mary’s University, Halifax, Nova Scotia
• St. Thomas University, Fredericton, New Brunswick
• Memorial University, St. John’s, Newfoundland
• University of Ottawa, Ontari
Tabharfaidh an dámhachtain seo deis cur le do scileanna múinteoireachta agus cur le d’eolas faoi shochaí agus chultúr Cheanada.
Má tá suim agat sa deis iontach seo, is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na téarmaí agus na coinníollacha chomh maith leis na foirmeacha iarratais ag www.icuf.ie nó is féidir fiosrúcháin a sheoladh chuig Gaeilge@icuf.ie. Glacfar le hiarratais suas go dtí an Déardaoin, 1 Márta 2012.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012
↧