Ag tús mhí na Nollag anuraidh sheol an file aitheanta Louis de Paor an leabhar Seán Ó Ríordáin: Na Dánta, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Duine de mhórfhilí na Gaeilge ón bhfichiú haois ab ea Seán Ó Ríordáin. Rugadh i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí é an 3 Nollaig 1916, agus b’ann a chaith sé tús a óige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go cathair Chorcaí le freastal ar scoil ansin, agus d’fhan sé ina chónaí sa chathair an chuid ba mhó dá shaol.
Chuaigh sé le hiriseoireacht agus é ag scríobh go rialta don Irish Times. Fuair sé bás sa bhliain 1977.
Sa leabhar nuafhoilsithe seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).
Ceist na seachtaine seo:
Cén bhliain a rugadh Seán Ó Ríordáin?
• 1902
• 1884
• 1932
• 1916
Seol freagraí agus do shonraí teagmhála chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 16 Feabhra 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Pádraig Ó Flaitheartaigh as Co. Chrocaí agus Aislínn Nic Ruairí sa Bhruiséil a bhuaigh duais an eagráin seo caite.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012
↧