Is i gCeoláras na hOllscoile in Ollscoil Luimnigh a bheidh na gradaim ar siúl agus tugadh blaiseadh beag ar an gceol den scoth a bheidh le cloisteáil ag searmanas fógartha na mbuaiteoirí i gCora Droma Rúisc, Déardaoin seo caite.
Is iad Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird a bheidh mar láithreoirí ar an oíche. Beidh an cheolchoirm speisialta seo á thaifeadadh beo ar an oíche agus beidh sí á craoladh ar TG4 oíche Dhomhnach Cásca.
Beidh sé ghradam éagsúla á mbronnadh ar an oíche ar scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na gcumadóirí.
Is ar an bhfidléir Brian Rooney as tuaisceart Liatroma ó dhúchas ach atá ag cur faoi le fada an lá i Londain a bhronnfar Gradam Ceoil 2012.
Is é an píobaire agus fear óg a sheinm an fheadóg Mhór Caoimhín Ó Fearghail a rugadh in aice le Chicago sna Stáit Aontaithe ach atá ina chónaí i Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge le blianta fada anuas a chroch leis Gradam Ceoltóir Óg na bliana.
Is é Paddy O’Brien a bhain amach gradam chumadóir na bliana. Is as An Daingean in Uíbh Fhailí do Phaddy O’Brien, a rugadh i 1945. Tá cáil agus meas air ar fud na cruinne mar fhoinse eolais, mar scoláire ceoil agus mar chumadóir. Meastar go bhfuil 3,000 píosa éagsúil de cheol Gaelach ina chuimhne.
Is í an t-amhránaí sean-nóis aitheanta Nell Ní Chróinín a hainmníodh mar Amhránaí TG4 na bliana. Is ó cheantar agus ó theaghlach ceolmhar a shíolraigh an t-amhránaí óg seo ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. Is í Neill a bhain amach Corn Cuimhneachán Sheáin Óig Uí Thuama le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne sa bhliain 2010.
Anuraidh bronnadh an Gradam saoil ar an bhfidléir Ben Lennon as Co. Liatroma agus i mbliana is ceoltóir den scoth, a bhfuil an oiread déanta aige ar son cheol agus amhráin thraidisiúnta na tíre seo a choinneáil beo thar lear, a mbronnfar an Gradam Saoil air.
Rugadh Danny Meehan i nDroim Lú Theas, baile fearainn siar ó bhaile Dhún na nGall sa bhliain 1940. Agus é fós ina dhéagóir, thug Danny aghaidh ar an mBreatain agus tar éis dó go leor de Shasana agus den Bhreatain Bheag a thaisteal, lonnaigh sé i Londain ó 1963. D’fhill Danny abhaile chun cónaithe i nDún na nGall sa bhliain 2007. Mar a deir a chara Tommy Peoples, “Cuireann seal i gcuideachta Danny Meehan ardú croí ar an uile dhuine againn.”
Tá Gradam Aitheantais na bliana seo á bhronnadh ar Eithne agus Brian Vallely. Tá Brian agus Eithne Vallely ina gcónaí in Ard Mhacha le blianta fada. Is de bhunadh Thír Chonaill í Eithne, cháiligh sí ina múinteoir agus go gairid ina dhiaidh sin casadh go Sráid na Cathrach í go gcloisfeadh sí ceol an mháistir-phíobaire, Willie Clancy.
Is ansin a casadh Briain di den chéad uair, fear a bhí ar an oilithreacht chéanna, tar éis dó Club na bPíobairí a bhunú in Ard Mhacha i 1966. Cuirtear ranganna ar fáil ar raon uirlisí, na píobaí féin, an fheadóg, idir mhór agus stáin, an fhidil, an bosca ceoil, an consairtín, an chruit agus amhránaíocht. Is í Féile William Kennedy gach Samhain an t-imeacht poiblí is mó atá luaite leis an gClub, ceiliúradh ar phíobaire dall ón ochtú haois déag.
Is féidir ticéid don choirm cheoil a chur in áirithe ar an teileafón ó 061 331549 nó ar www.uch.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012
↧