Sa chatagóir chéanna le Gaelport.com tá CKSK don suíomh gréasáin Heineken Music and Green Spheres; Digital Reach/ Sunday Business Post do The Sunday Business Post agus Daily Business Post agus Nuacht RTÉ.
Tá na gradaim seo ar an bhfód ó bhí 2003 ann, agus cuireadh tús leo chun aitheantas a thabhairt d’earnáil na meán digiteach in Éirinn.
Dearadh na gradaim chun sárchaighdeán obair sna meáin dhigiteacha in Éirinn a thabhairt chun solais, agus tugann na gradaim ardán d’obair chomhlachtaí, institiúidí agus eagraíochtaí i réimse leathan de chatagóirí.
Ar na forbairtí is mó a baineadh amach le bliain anuas ar Gaelport.com rinneadh athdhearadh ar phríomhleathanach an tsuímh le go mbeadh béim breise ar na cúig fhotha nuachta a fhoilsítear ar an suíomh gach lá.; cruthaíodh naisc níos láidre le léitheoirí ar na meáin shóisialta agus forbraíodh féilire na n-imeachtaí Gaeilge agus forbraíodh an seirbhís earcaíochta, ‘Folúntais’ ar an suíomh.
Tá feidhmhchlár fóin á fhorbairt i láthair na huaire agus tá beartaithe ag Gaelport díriú níos mó ar ábhar fuaime agus físe chomh maith le seirbhís nuachta dhigiteach ar ardchaighdeán ar fhorbairt níos mó sa bhliain atá amach romhainn.
Bronnfar na gradaim ag searmanas a bheidh ar siúl sa Convention Centre Dublin ar 30 Márta 2012.
©Foilsithe ar Gaelport.com 07 Feabhra 2012.
↧