Is é seo an dara hócáid mhór de cheol Gaelach agus cultúrtha a eagraíodh i gCill Airne le ráithe anuas, ba ann a bhí Oireachtas na Samhna i mí na Samhna seo caite.
Is é aidhm (The Gathering ) an ócáid mhór ceoil agus amhránaíochta seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar stíl Sliabh Luachra agus an stíl a chaomhnú agus a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.
Mar chuid de bhuaicphointí na féile ceoil thraidisiúnta seo atá ag ceiliúradh trí bliana déag ar an bhfód i mbliana beidh scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ag dul chun stáitse agus ag roinnt a gcuid scileanna leis an bpobal le linn na gceardlann éagsúil.
I measc na n-imeachtaí beidh ceardlanna, ranganna, ceolchoirmeacha, léachtaí agus neart seisiún ceoil. I measc na gceoltóirí beidh Meati Jó Shéamuis, Séan Garvey, Tim Dennehy i bhfeighil ceardlainne amhránaíochta. Beidh Paudie O‘Connor ar an mbosca ceoil agus Pádraig Buckley ar an bhfeadóg stáin.
Beidh an fidléir cumasach Connie O Connor i dteannta Emma O Leary ar an bhfidil agus is í Máiread Casey a bheidh ag teagasc damhsa ar an sean-nós.
Ag glacadh páirte sna ceolchoirmeacha beidh an banna aitheanta Danú, Seán Tyrrell, Rónan Browne agus Kevin Glackin. Ar stáitse freisin beidh Liz agus Yvonne Keane as Conamara mar aon le Edel Fox, Jack Talty agus an ceoltóir aitheanta Noel Hill as Co. an Chláir.
Beidh an t-amhránaí cumasach Neill Ní Chróinín bean óg a chroch léi dhá ghradam le linn Oireachtas na Samhna sa bhliain 2010 i láthair ag The Gathering i mbliana. Tá an-aithne ag daoine ar fud na tíre ar Neill mar amhránaí sean-nóis den scoth. Beidh neart ceoil, damhsa agus comhrá agus malartú cultúir ann sa tráthnóna tar éis na ranganna dátheangacha.
Tuilleadh eolais mar gheall ar chlár na féile i mbliana ar fáil ó : 087 2348824 / info@inec.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012
↧