Bhí clú agus cáil ar Niocláis Tóibín mar amhránaí den scoth agus mar fhear ciúin cóir dóibh siúd a raibh aithne acu air. Bhain sé Corn Ui Riada ag an Oireachtas trí bliana as a chéile ó 1961-1963.
D’fhoilsigh Gael Linn dhá cheirín dá chuid sa bhliain 1963 agus LP sa bhliain 1977. D’fhan sé dílis do cheantar na nDéise i gcónaí agus bhí baint ag an gceantar le go leor dá chuid amhrán, ach é sin ráite bhí os cionn 300 amhrán aige, ach an t-amhrán ba mhó a bhí luaite leis na an t-amhrán álainn sin
Na Connerys"
Beidh oscailt oifigiúil Tionól Niocláis Tóibín na bliana seo ar siúl ag 9pm ar an Aoine, 10 Feabhra i dTigh an Cheoil agus Bronnfar Gradam Nioclais ar an t-amhránaí clúiteach Johnny Mháirtín Learaí Mac Donncha ar an oíche. Beidh ceolchoirm le Cór Fear na nDéise agus seisiún ina dhiaidh sin.
Ar an Satharn beidh ranganna Ceoil le ceoltóirí den scoth ar siúl i Meánscoil San Nioclás agus beidh Ceadal Ceoil idir mhúinteoirí agus daltaí ar siúl i ndiaidh na ranganna san iarnóin.
Ag 3.30pm i gColáiste na Rinne beidh cairde Nioclais Tóibín ag bailiú lena chéile chun súil siar a chaitheamh ar shaol agus ar shaothar Niocláis Tóibín. Agus níos déanaí sa tráthnóna beidh Ceolchoirm an Tionóil ar siúl i Meánscoil San Nioclás.
Beidh seisiúin breá ar siúl i dTigh Mhaonithe ina dhiaidh sin. Ar an Domhnach 12ú Feabhra i Séipéal San Nioclás, An Rinn beidh Aifreann á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Cór Fear na nDéise ag 11.30am agus beidh teacht le chéile ceolmhar ar siúl i dTigh Mhuirithe, Heilbhic i ndiaidh an Aifrinn chun clabhsúr bríomhar a chur le Tionól na bliana seo.
© Foisithe ar Gaelport.com - 7 Feabhra 2012
↧