Beidh Julian de Spáinn, Ard- Rúnaí Chnradh na Gaeilge chomh maith le hÉamon Mac Niallais ó Ghuth na Gaeltachta i láthair ag an gcruinniú de chuid an choiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht a bheidh faoi stiúir ag Ciarán Lynch TD.
Cuirfear na hargóintí i gcoinne dúnadh oifig neamhspleách Oifig an Choimisinéara Teanga faoi bhráid an choiste agus déánfar iarracht cur in a luí ar na Teachtaí Dála agus Seanadóirí an tábhacht a bhaineann leis an oifig.
Ar clár an lae chomh maith, táthar ag súil go bpléifear an obair atá ar bun ag Seachtain na Gaeilge, eagraíocht a bhíonn i mbun na n-imeachtaí go léir a bhíonn ar siúl le linn na féile a chomhordú agus go bpléifear chomh maith struchtúr maoinithe na nEagras Gaeilge.
In áit na samhla iomaíche molta ag Foras na Gaeilge, tá Aontas Phobal na Gaeilge ag moladh samhail comhpháirtíochta. Pléifear an moladh sin ag an gcruinniú agus táthar ag súil tacaíocht an Chomhchoiste le hiarraidh ar an gComhairle Aireachta Thuaidh agus Theas chun na scéimeanna iomaíoch molta ag Foras na Gaeilge sa tSamhail Nua Mhaoinithe a chur ar leataobh agus samhail chomhpháirtíochta a aontú leo.
©Foilsithe ar Gaelport.com 07 Feabhra 2012.
↧