Tá fiche amhrán roghnaithe don chomórtas náisiúnta. Roghnófar buaiteoir amháin agus rachaidh sé nó sí san iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha eile ó na tíortha Ceilteacha eile ag an bhFéile Phan-Cheilteach a bheidh ar siúl i gCeatharlach ón 10-15 Aibreán.
Tá an comórtas oscailte d’amhráin thraidisiúnta, do phopamhráin, d’ amhráin tíre agus d’amhráin rac cheiltigh ach ní foláir do na focail agus an ceol a bheith nua-chumtha agus a bheith as Gaeilge.
Is iad na moltóirí a bheidh i láthair ná Seán Ó Sé, Niamh de Búrca agus Seán Ó Briain agus déanfar measúnú ar na hamhráin bunaithe ar liricí, ceol agus cur i láthair an amhranaí ar an oíche.
Tá ticéid fós ar díol agus beidh an cheolchoirm seo mar bhuaicphointe imeachtaí Sheachtain na Gaeilge sa cheantar. Cuirfear tús leis an gcomórtas ag 8 i.n. Tuilleadh eolais ar fail ar 059 9158105.
©Foilsithe ar Gaelport.com 08 Márta 2012.
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #FéilePhanCheilteach
↧