"Tugann ócáidí mar seo deis do gach uile dhuine teagmháil a dhéanamh leis an Ghaeilge ar bhealach dearfach,spraíúil agus tugann sé spreagadh dóibh ár bpríomhtheanga náisíúnta a úsáid, fiú mura bhfuil acu ach an cúpla focal", a dúirt an tAire Stáit.
Is í seo an dara bliain atá an t-ollrith náisiúnta seo ar siúl agus tá sé eagraithe mar chuid d'imeachtaí ‘Seachtain na Gaeilge 2012’.
Sa deich lá amach romhainn, táthar ag súil go rithfidh na mílte duine ar son na Gaeilge ar thuras iomlán de 1000 cileaméadar trí bhreis agus 200 baile agus 15 contae.
Foilsithe ar Gaelport.com 08 Márta 2012.
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #snag #rith
↧