Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scoileanna Gaeltachta ag ullmhú don agóid i nGaillimh

$
0
0

Beidh lucht tacaíochta na scoileanna Gaeltachta lárnach sa léirsiú sa chathair. Tá bagairt do na scoileanna Gaeltachta fós i mbéal an phobail tar éis gur moladh sa cháinaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí  agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.

Tá ciorclán eisithe ag an Roinn Oideachais  mar gheall ar  an athrú agus tá lucht na scoileanna Gaeltachta ag súil go ndéanfar eisceacht do scoileanna Gaeltachta agus go dtabharfaí aitheantas do thábhacht na scoileanna i gceantair Ghaeltachta.

Buailfidh an slua le chéile ag an Ard-Eaglais sa chathair ag 1 in agus, máirseálfar as sin go dtí an Ollscoil, áit a mbeidh teacht le chéile chun a chinntiú go gcloisfidh baill an pháirtí míshástacht scoileanna agus mhuintir na Gaeltachta.

An tseachtain seo caite, thacaigh na peileadóirí sinsearacha Noel O Leary agus Tomás Ó Sé le feachtas na scoileanna Gaeltachta.

Anuas air sin beidh roinnt eagrais tuaithe agus eagrais oideachais ag súil go tabharfaidh baill pháirtí an lucht oibre cluais dóibh.

Beidh eagraíochtaí  atá  in aghaidh na dtáillí séarachais i mbun agóide i gcathair na dtreabh Dé Sathairn chomh maith le múinteoirí gairmthreoracha .

Tá molta ag an Roinn Oideachais go mbeadh gearradh siar ar an líon uaireanta scoile  a chuirfear ar fáil do ranganna gairmthreoracha agus go mbeadh ar mhúinteoirí gairmthreoracha filleadh ar ais  ar an seomra rang le hábhair scoile eile a mhúineadh.  

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Pátrúnacht agus bunscoileanna lán-Ghaeilge: Tuarascáil an ghrúpa comhairligh don Fhóram faoi Phátrúnacht agus Iolrachas

Youtube: Agóid na Scoileanna Gaeltachta  

Imní na scoileanna tuaithe agus Gaeltachta

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #Gaeltacht


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>