Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Siamsaíocht IMRAM sa Chlub

$
0
0
Cuirfear tús le sraith nua oícheanta ceoil, amhránaíochta agus filíochta de chuid IMRAM , Féile litríochta Gaeilge, Dé hAoine seo i gClub Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.

Trí oícheanta Aoine de chultúr a bheidh i gceist leis an tsraith seo ina mbeidh ealaíontóirí iomráiteacha  ar nós Colm Mac an Iomaire, an fidléir cruthaitheach de chuid The Frames, máistir cheoil an ghiotáir Steve Cooney, an banfhile cáiliúil Biddy Jenkinson agus laoch an bhosca ceoil,  Tony Mac Mahon.

Gearóid Mac Lochlainn, Caoimhín Mac Giolla Catháin, Biddy Jenkinson agus Máire Ní Choilm a chuirfidh tús spreagúil leis na hoícheanta ar Dé hAoine 11 Bealtaine 2012 ag 8:30 i.n.

Tá sainaithne ag pobal na Gaeilge ar Bhiddy Jenkinson mar dhuine de mhórscríbhneoirí na linne seo agus is é Oíche Bhealtaine an leabhar is déanaí uaithi. Ina cuideachta, beidh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis Máire Ní Choilm as Mín an Iolair, Doire Beaga i dTír Chonaill a chroch léi duais mhór Chomórtas na mBan ag Oireachtas na Gaeilge i 2009. Criss-Cross. Mo Chara (CIC) an teideal atá ar an leabhar is déanaí ón scríbhneoir Gearóid Mac Lochlainn as Béal Féirste a bheidh ag léamh saothar leis ar an oíche. In éineacht leis beidh Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhamhránaí leis an mbanna reggae Gaeilge Bréag ag casadh amhráin sa stíl neamhgnáthach reggae.

Ar Dé hAoine 18 Bealtaine is iad Dairena Ní Chinnéide, Stiofán Ó Cadhla, Séamas Barra Ó Súilleabháin agus Tony Mac Mahon agus  Steve Cooney a bheidh ag ceol, ag casadh agus ag léamh filíochta.

An tseachtain ina dhiaidh sin ar 15 Bealtaine cuirfear fáilte roimh Colm Mac Con Iomaire, Míchéal Ó hUanacháin, Antaine Ó Donnaile agus Doireann Ní Ghríofa a chuirfidh taispeántas ilghnéitheach eile den chéad scoth i láthair.

Tuilleadh eolais ar www.imram.ie

© Foilsithe ar Gaelport.com - 10 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Céiliúradh file

Drámaíocht na Gaeilge faoi bhláth

As na Nuachtáin: The Hobbit as Gaeilge

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Imram #Conradh


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>