Tabharfaidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn cuairt ar cheanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara inniu 11 Bealtaine mar chuid de cheiliúradh 40 bliain an stáisiúin.
Mar pholaiteoir, d’oibrigh an tUachtarán Ó hUigínn go crua le cultúr na tíre agus an Ghaeilge a chur chun cinn, agus bhí baint lárnach aige le bunú Teilifís na Gaeilge, nó TG4. Bhí sé le cloisteáil go rialta ar chláracha ar Raidió na Gaeltachta le blianta anuas.
Ba i mí Aibreáin 1972 a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an aer den chéad uair, agus tá cuairt an uachtaráin ar cheann amháin de shraith imeachtaí atá beartaithe mar chuid den cheiliúradh.
Ar na hócáidí eile atá ar na bacáin tá coirmcheoil cheiliúrtha ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i mí Iúil, craoladh ó Rás an Volvo i gcathair na Gaillimhe, agus coirmeacha ceoil ceiliúrtha i dTír Chonaill agus i gCiarraí san fhómhair.
Bhí ábhar don cheiliúradh ag an stáisiún le déanaí nuair a bronnadh gradam don stáisiún raidió is fearr ar an stáisiún ag Féile na Meán Ceilteach I nDoire an mhí seo caite.
Tá mionshuíomh idirlín nua seolta ag an stáisiún freisin a bhfuil eolas le fáil air faoin gceiliúradh. Tá grianghraif agus físeáin stairiúla de chéad laethanta na seirbhíse, agus grianghraif ó ócáidí eile le blianta beaga anuas, le feiceáil air chomh maith. Tuilleadh eolais ar www.rte.ie/rnag40.
Drámaiocht na Gaeilge faoi bhláth
As na Nuachtáin: Gaelscoil Mhic Amhlaigh ar na sráideanna

Foilsithe ar Gaelport.com 11 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Drámaiocht na Gaeilge faoi bhláth
As na Nuachtáin: Gaelscoil Mhic Amhlaigh ar na sráideanna
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #rnag40