Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Eoghan Mac Giolla Bhríde ceaptha mar Scríbhneoir Chónaithe Mhaigh Eo

$
0
0

Ceapadh an Connallach  Eoghan Mac Giolla Bhríde ina Scríbhneoir Chónaithe Mhaigh Eo 2012 an tseachtain seo.

Tá  an scéim  seo á reáchtáil ar feadh 23 bliain ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus ghlac leithéidí Ré Ó Laighléis, Seán Lysaght, Máire Holmes, John Breen, Paddy Bushe, Éilís Ní Dhuibhne, Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson  páirt sa scéim thar na blianta.

Is as Gaoth Dobhair do Mac Giolla Bhríde ó dhúchas agus neart taithí scríbhneoireachta gnóthaithe aige le 10 mbliana anuas. Tá dhá chnuasach gearrscéalta foilsithe aige – Idir Feoil is Leathar (Coiscéim, 2002) agus Díbeartaigh (Coiscéim, 2005).

Bhunaigh sé an comhlacht ilmheáin Éabhlóid sa bhliain 2008 a bhíonn ag plé le réimse leathan meán, idir foilsiú leabhar agus léiriú cláracha faisnéise.

Léirigh Mac Giolla Bhríde a chuid sár-scileanna aisteoireachta agus é sa phríomhpháirt sa scannán Silence a  chomh scríobh sé féin le Pat Collins agus Sharon Whooley.
Bhuaigh sé mór-dhuais Michael Dwyer ag Gradaim Discovery ag Féile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Jameson dá ról féin sa scannán.

Mar chuid den scéim seo, beidh Eoghan Mac Giolla Bhríde ag stiúradh grúpaí scríbhneoirí agus ag tabhairt ceardlanna scoile.

Tabharfaidh sé léamh poiblí dá shaothar i Leabharlann Chaisleán an Bharaigh Dé Céadaoin 23 Bealtaine ag 7.00i.n.

Chomh maith leis sin beidh sé ag reáchtáil ceardlainne ar mhearfhicsean i Lóiste Loch an Éanaigh ó 7.30 go dtí 10.00 i.n. ar an 15 Bealtaine.

Le haghaidh spás a chur in áireamh is féidir ríomhphost a chur chuig mayoarts@mayococo.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 11 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Deis do chompántas dramaíochta i mBéal Feirste

An tUachtarán le cuairt a thabhairt ar RnaG inniu

Drámaíocht na Gaeilge faoi bhláth


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945