Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Turas Nua ar Iarnród Uladh

$
0
0

Cuirfear tús le sraith úrnua do TG4, Iarnród Uladh de chuid Waddell Media ar an Déardaoin 12 Eanáir ag 8in agus leanfaidh sí ar feadh ceithre seachtaine ag an am céanna. Tá sí scéalaithe ag Póilín Ní Chiaráin agus is í Edel O'Mahony a léirigh agus a stiúraigh. Déanfaidh an tsraith stairiúil fhaisnéise seo cur síos ar an iarnród i gCúige Uladh, ag baint leasa as scéalta áitiúla, suimiúla a bhaineann le stair an iarnróid go dtí gur dúnadh na línte. Díreofar ar cheithre líne i gCúige Uladh:Iarnród Dhoire agus Loch Súilí, Iarnród Ghleann an Chlochair, Iarnród Bhéal Feirste agus Co. an Dúin agus Iarnród Bhaile an Chaistil agus is iad na línte iarainn seo a bheidh mar stuchtúr ar a rothlaíonn ábhar an chláir. Beidh físeáin chartlainne, agallaimh le saineolaithe agus cuimneacháin phearsanta an phobail sna ceantracha éagsúla i measc achmhainní taighde an chláir. Inseofar scéal na traenach agus an éifeacht a bhí aici ar an ngnáthshaol agus caithfear súil ar an éifeacht a bhí ag an gCustam ar an líne tráth a bunaíodh an teorann agus ar an tubaiste uafásach a bhuail tarbhealach Abhainn Choradh sa bhliain 1925. Déanfar cur síos le linn na sraithe ar ghlaic lán de scéalta ar nós, eachtra an ghabhair chliste a chuaigh ar sheachrán ar líne Iarnróid Ghleann an Chlochair, timpiste Bhaile Mhic Gearóid i mBéal Feirste sa bhliain 1945 agus chomh maith leis sin, an éifeacht a bhí ag sneachta mór 1947 ar Iarnród Bhaile an Chaistil. © Foisithe ar Gaelport.com - 12 Eanáir 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>