Is córas scrúdaithe é teg d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Scrúdaítear ceithre scil chumarsáide: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá scrúduithe ar chúig leibheál ar fáil, ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo.
Beidh scrúduithe TEG ar siúl sna hionaid seo a leanas in Éirinn:
• Béal Feirste
• Caisleán an Bharraigh
• Cill Airne
• Cill Chainnigh
• Corcaigh
• Gaillimh
• Leitir Ceanainn
• Luimneach
• Má Nuad
agus sna hionaid seo thar lear:
o Páras
o Prág
o Nua Eabhrac
o Toronto
o Ottawa
Scrúdófar na leibhéil éagsúla ar na dátaí seo a leanas:
- Meánleibhéal 1 (B1): 28.04.2012
- Meánleibhéal 2 (B2): 21.04.2012 *Sásaíonn B2 na critéir iontrála Gaeilge do chúrsaí bunmhúinteoireachta*
- Bonnleibhéal 2 (A2): 12.05.2012
- Bonnleibhéal 1 (A1): 26.05.12
Is é an 21 Márta 2012 an spriocdháta d’iarratais. Is féidir leat na siollabais a íoslódáil agus na páipéir scrúdaithe samplacha a iniúchadh ar suíomh idirlín teg www.teg.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Márta 2012
↧