Tá an comórtas filíochta seo á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le cúig bliana anuas agus é mar ócáid lárnach ag ‘Turas na bhFilí’, malartú cultúrtha bliantúil idir filí Albanacha agus Éireannacha.Roghnófar na hocht ndán nuachumtha is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus cuirfear ar ghearrliosta iad. Gheobhaidh na húdair deis a ndán a léamh ag oíche mhór an chomórtais ag Cois Teallaigh in Oifigí na Comhdhála ar 46 Sráid Chill Dara ar Déardaoin, 12 Aibreán, 2012.“Tá sé mar sprioc ag an gcomórtas ardán a thabhairt d’fhilíocht nuachumtha sa dá theanga agus táimid ag cur fáilte roimh fhilí iarratais a chur isteach roimh an spriocdháta Dé hAoine”, a deir Sibéal Davitt, Oifigeach le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá i mbun comórtas na bliana seo a eagrú.Ní ghearrfar táille ar iarratais a chur isteach agus níl aon srian ar dhánta ó thaobh téama de. Beidh duais airgid de €500 don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar an dán buacach ar an iris Comhar, sa nuachtán náisiúnta Gaelscéal agus ar an suíomh Gréasáin Gaelport.com.Beidh duine de mhórfhilí na linne seo, Nuala Ní Dhomhnaill mar mholtóir ar an gcomórtas mar aon le Rody Gorman, file Gàidhlig . Ghlac an bheirt páirt sa mhalartú cultúrtha Turas na bhFilí i dteannta le filí móra eile ina measc Máirtín Ó Direáin, Caitlín Maude, Seán Ó Tuama agus Michael Davitt, chomh maith leis na bhfilí Albanacha Somhairle MacGill-Eain,Aonghas Mac Neacail and Aonghas-Phádraig Caimbeul. Beidh an t-amhránaí clúiteach sean-nóis, Máire Ní Choilm mar aoi ag oíche an chomórtais maraon leis na bhfilí Albanacha a thiocfaidh archuairt agus déanfaidh na turasóirí cuairt ar an bhFéile Phan Cheilteach a bheidh ar siúl i gCeatharlach mar chuid den turas.I measc na mbuaiteoirí eile a bhuaigh Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Úí Néill le ceithre bliana anuas tá Máire Wren, Prionsias Mac an Bhaird, Tadhg Ó Dúshláine agus an file Albanach Niall Gordon Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh Dé hAoine, 16 Márta 2012 ag meánlae. Is féidir foirmeacha iarratais agus eolas breise a fháil ag www.gaelport.com/comortasuineill nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Sibéal Davitt ag 01 6794780 nó ag sdavitt@comhdhail.ie.Foilsithe ar Gaelport.com 12 Márta 2012Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter:#gaeilge #turas
↧