Beidh idir cheoltóirí agus amhránaithe, rinceoirí agus scéalaithe i láthair, agus léireoidh Aisteoirí an tSean-Phobail an gearr-dhráma greannmhar 'An Ridire Bóthair' le hAodh Ó Cathaláin an oíche chéanna. Cuirfear tús leis na himeachtaí ar fad ar a 8.00i.n. agus tá fáilte roimh chách, idir óg agus aosta. Bígí linn gan teip!ÓICHE COMHRÁ – SEACHTAIN NA GAEILGE, 13 MÁRTABeidh oíche caidreamh speisialta ar siúl sa Seanachaí Bar ar 13/03/12 ó 7pm go dtí 8.30pm le haghaidh Seachtain na Gaeilge, Beidh Tráth na gCeist beag agus sóláistí ar fáil, chomh maith le comhluadar deas! Is deis é do dhaoine teacht le chéile trí mheán na Gaeilge, is cuma cén cumas teanga atá acu. Cur glaoch ar Cabríní ar 087-6532044 chun tuilleadh eolais a fháil faoin imeacht saor in aisce seo. Fáilte roimh chách.MEÁ AN CHÓIR 205 cloch agus 2 phunt ab ea an meáchan iomlán de Cór Fear na nDeise. Ni raibh éinne glan ceart ach bhí ceathrar ar chomh mhéid- 205 cloch. Tar éis na hainmneacha a tharraingt as hata, seo mar atá ar deireadh: • An chéad duais- deireadh seachtaine do bheirt in Óstán an Rochestown Park - Averil Shanahan, An Trá Mhór.• An dara duais- dearbhán E100 do Easons - Detta Breathnach, An Rinn.• An tríú duais- geansaí RTÉ Raidió na Gaeltachta - Timmy Ó Cadhla, Dún Garbhán.• An ceathrú duais- E25 -Pádraig Breathnach, An Rinn.Míle buíochas le gach duine a cheannaigh línte.CÚRSA SPIORADÁLTA DO GHAELGEOIRÍTionólfar Cúrsa Spioradálta do Ghaeilgeoirí i Mhainistir Chnoic Mhellerí, Ceapach Chuinn ar an deire seachtain 24ú/25ú Márta. Sé an téama atá againn i mbliana ná “Tabhair dom do Lámh”. Beidh léachtanna againn ón tAthair Prionnsios OCSO, agus an tSiúr Máiréad OCSO Gleann Chaorthainn agus an tAthair Uinseann Ó Maidín mar stiúraitheoir ar an gcúrsa. Tá aoi teach na mainistreach ar fáil dúinn agus ‘tosach don tosaí’ mar is gnáth. Beidh fáilte romhat freastal ar an gcúrsa, ar feadh lá amháin nó an deire seachtain, agus tá gach eolas faoin clár agus na costasaí ar fáil ó Aine Ni Fhiannusa, 086 2227533, no riomhphost annanif@eircom.net , nó an tAthair Uinseann ag Mainistir Chnoic Mhellerí - 058 54404. NAÍONRA AN TSEAN PHOBAILTá clárú ar siúl do Naíonra an tSean Phobail faoi láthair agus i gá go mbeadh ainmneacha istigh roimh deireadh Mí Bealtaine. Is gá go mbeadh páistí 2 bliana agus 9 mhí ar a laghad faoi lathair. Tá Naíonra an tSean Phobail suite i Lios na Sióg. Tá sé maoinithe ag an scéim ECCE, agus bíonn bliain réamhscoilíocht saor in aisce ar fáil sa Naíonra faoin sceim seo. Go ginearálta, is gá go mbeadh paistí idir 3 bl agus 2 mhí agus 4 bl 7 mhí ar 1/09/12 chun titim faoin scéim don scoil bliana seo. Cur glaoch ar Mairéad nó Seosaimhthín i Lios na Sióg ar 058-46622 chun tuilleadh eolas a fháil nó chun páiste a chlarú. GAILEARAÍ JOAN CLANCYBeidh an taispeántas “Macalla” le ealaíon Joanne Boyle le feiscint i nGailearaí Joan Clancy ar 18ú agus 23ú ó 11am - 5pm ar an dá lá agus le coinne ar laethanta eile. TURAS NA BHFILÍ Beidh Turas na bhfilí 2012 á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta Na Gaeilge i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal, agus beidh oíche mór filíochta, ceol agus amhráin i Meánscoil San Nioclás ó 8pm go dtí 10pm ar an Aoine,13 Aibreán, mar chuid den dturas. Saorchead isteach. Is malartú cultúrtha idir muintir na Gaeilge agus muintir na Gàidhlige a bheas ann agus beidh an ceiliúradh ag leanúint ar aghaidh ina dhiaidh san i Mooneys, An Rinn. Fáilte roimh filí áitiúla píosa dá bhfilíocht a léamh ag an seisiún maidhc oscaite seo. SEIRBHÍS IARSCOILE NA RINNE Tá neart imeachtaí ar siúl i Seirbhís Iarscoile na Rinne faoi láthair. Idir Karate, Hip Hop, cócaireacht agus eile, bíonn na paistí coinnithe gníomhach i gcónaí. Tá an tseirbhís oscailte do aon páiste atá ag freastal an bunscoil, is cuma cén scoil. Is seirbhís lán-Ghaelach é seo a bhíonn oscailte ó 1.30pm go dtí 5.30pm gach lá scoile. Is costas €5 atá ann seisiúin, le liúntais ar fáil do leasa shoisialta (roinnt sort). Má tá tuileadh eolais ag teastáil, nó chun páiste a chlárú, cur glaoch ar Laura Uí Ruairc, Príomh Stiúrthóir ar 087-3270661.CIORCAL COMHRÁ Beidh an Ciorcal Comhrá sa Seanachaí gach oíche Mháirt ó 7pm go dtí 8.30pm ón 13/03/12 go dtí 24/04/12. Failte roimh chách. Gach eolas ó Cabríní 087-6532044.TAEKWON DOBeidh Taekwon Do ar siúl i Halla Pobail na Rinne gach Céadaoin ó 5.30pm go dtí 6.30pm do pháistí ó 4-6 bliana d’aois, agus ó 6.30pm go dtí 7.30pm le haghaidh paistí idir 7 agus 12 bliana d’aois. Tuilleadh eolais ar fail ó Edward Dillon ar 085-1218155. Tá Crios Dubh 2ú Dan ag Edward.CAIRDE NA RINNEBeidh Cairde na Rinne ag teacht le cheile arís ar 3pm ar an Mháirt, 3ú lá de Mí Aibreán i Halla Pobail na Rinne, agus ar an gcéad Mháirt de gach mhí ina ndiaidh san. Bíonn ábhar spéisiúil agus éagsúil le plé, agus comhluadar den scoth ar fáil i gcónaí! Tá fáilte mór roimh baill nua i gcónaí.RANGANNA RINCE GAELACH Bíonn ranganna Rince Gaelach do pháistí ar siúl le Múinteoir Rince cáilithe gach oíche Déardaoin ag 5pm i Halla Pobail na Rinne. Fáilte roimh páistí ó 4 bliana d’aois suas.SLIMATHON Tá an Slimathon ar siúl arís i dTigh Mhuirithe, Heilbhic gach Ceadaoin ó 7.30pm go dtí 8.30pm faoi lathair. Costas €5. Coimeádfar meáchan faoi rún agus beidh an t-airgead go léir a bhaileofar ar mhaithe le Scoil Náisiúnta na Rinne. SPRAOI Tá an ghrúpa Spraoi do thuismitheoirí agus leanaí ar siúl gach maidin Aoine ó 9.45am go dtí 11.45am i Halla Pobail na Rinne. SRAITH SIÚLÓIDE/REATHA AN CHOINIGÉIRTá an Straith siúlóide/reatha ar siúl ar an gCoinigéar gach maidin Dhomhnaigh ag 9.30am. Tá cúrsa 4 mhíle leagtha amach agus tá costas €2 ‘cead isteach’ i gceist. GRADAM GNÓ NA NDÉISE 2012 Ar mhaith leat gnó a ainmniú don Ghradam Gnó 2012? An bhfuil eolas agat ar áit gur féidir leat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge i nGaeltacht na nDéise, Dún Garbhán nó Iarthar Phort Láirge? Nó gnó atá báúil don Ghaeilge agus a úsáideann comharthaíocht Gaeilge nó eile? Más ea, cur sonraithe chuig cabrini01@gmail.com nó chuig msbreathnach@waterfordcoco.ie Is féidir gach eolas faoin scéim a fáil ó Cabríní de Barra ar 058-46664 nó Máire Seo Breathnach ar 058-20884.Foilsithe ar Gaelport.com 12 Márta 2012le Cabríní de Barra
↧