Caithfear €1.5 billiún mar chuid den chlár infheistíochta agus mar chuid den tionscadal beidh 106 foirgneamh bunscoile le tógáil agus cuirfear síntí le 65 bunscoil agus le 43 meánscoil.Ceaptar go gcuirfear go mór le líon na ndaltaí a bheidh ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018 mar gheall ar an méadú ar an ráta-beireatais sa tír le tamall de bhlianta anuas. Beidh 70,000 dalta breise ag freastal ar scoileanna idir seo agus 2018.Cruthófar 100,000 áit scoile mar chuid den tionscadal tógála agus beidh an tionscadal á riaradh i gcomhpháirt le coistí gairmoideachais, comhairlí contae agus Oifig na nOibreacha Poiblí.Chuir GAELSCOILEANNA TEO fáilte roimh an ráiteas ach dúirt an eagraíocht áfach go mbeadh díomá ar scoileanna eile atá ag fanacht le fada ar cóiríocht chuí ach nár tugadh san áireamh iad ar liostaí na Roinne Oideachais agus Scileanna don tréimhse 2012-2015. Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht buan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht sealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht sealadach do chuid den scoil.Beidh 22 bhunscoil faoi an Foras Pátrúnachta ag fáil scoil iomlán nua agus beidh síneadh á chur le 2 bhunscoil eile faoin bpátrún. Chuir Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta fáilte roimh an ráiteas. “Tá An Foras Pátrúnachta ríméadach faoin bhfógra ar an bplean cúig bliana. Tá formhór de na scoileanna againn ag fanacht le fada leis an dea-scéal seo ón Roinn Oideachais. Cuirfidh na foirgnimh nua agus na forbairtí go mór le timpeallacht na scoile agus le leas mhuintir na scoile”, a dúirt sé.I dtaca le Gaelscoileanna, léirigh an eagraíocht díomá nach bhfuil scoileanna ar an liosta cé go bhfuil siad ag fanacht le fada an lá le cóiríocht bhuan. Thug siad le fios inné go ndéanfar teagmháil leis an Roinn Oideachais chun an cheist a fhiosrú agus a gcás a chur chun cinn.Scoileanna lán-Ghaeilge a bheidh san áireamh sa tionscadal tógála2012: Obair tógála ar bunGaelscoil Uí Fhiach, Cill DaraGaelcholáiste Oiriall, MuineacháinGaelscoil Ultain, MuineacháinGaelscoil Uí Riordán, CorcaighGaelscoil Chloich na Coillte, CorcaighGaelscoil Adamhnáin, Dún na nGallGaelscoil Eiscir Riada, BÁCGaelscoil na Deise, Port LáirgeColáiste Áiligh, Dún na nGall2013: Obair tógála le tosú Gaelscoil An Ghort Álainn, CorcaighColáiste na Coiribe, GaillimhGaelscoil Chaladh an Treoigh, LuimneachGaelscoil Na Mí, An MhíGaelscoil Éadan Doire, Uíbh FháilíGaelscoil Inis Córthaidh, Loch GarmanGaelscoil Moshíológ, Loch GarmanGaelscoil an tInbhir Mhóir, Cill MhantainGaelscoil na gCloch Liath, Cill Mhantáin2014: Obair tógála le tosúGaelscoil Mainistir na Corann, CorcaighGaelscoil & Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, CorcaighGaelscoil nua, an tSeanbhábhún, BÁCGaelscoil Bharra, BÁCGaelscoil Bhaile Munna, BÁCBunscoil Coláiste Mhuire, BÁCGaelscoil nua, Cnoc na Cathrach, GaillimhGaelscoil Riada, GaillimhGaelscoil an Ráithín, Luimneach2015:Obair tógála le tosú Gaelscoil de hÍde, CorcaighGaelscoil nua, An Chéim, BÁCGaelscoil an Chuilinn, BÁCGaelscoil Ros Eo, BÁCScoil Lorcáin, BÁCGaelscoil Iarfhlatha, GaillimhGaelscoil Riabhach, GaillimhColáiste an Eachréidh, GaillimhGaelscoil de hÍde, GaillimhGaelscoil Liatroma, LiatromGaelscoil an Longfoirt, LongfortGaelscoil an Bhradáin Feasa, An MhíGaelscoil Chill Mhantain, Cill Mhantain©Foilsithe ar Gaelport.com 12 Márta 2012Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter:#gaeilge #gaelscoileanna
↧