Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Le Chéile Trí Chultúr

$
0
0

“Tá stair shaibhir ag an Ghaeilge agus níor chóir gur leis an phobal sin amháin a bheadh sí luaite”.

Sin tuairim an Dr. Adrian Johnston, Cathaoirleach an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn, agus é ag seoladh tionscadal nua i mBéal Feirste den teideal Le Chéile Trí Chultúr.

Bunaíodh an Ciste Idirnáisiúnta d’Éirinn (CIE) sa bhliain 1986 le dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíochta a spreagadh idir Náisiúnaithe agus Aontachtaithe na tíre.  Tá an tionscadal is úire, Le Chéile Trí Chultúr (LCTC), faoi stiúir Chomhairle na Gaelscolaíochta agus is í príomhaidhm an tionscadail ná daltaí scoile, ón dá thraidisiún, a bhailiú le chéile agus a gcuid spéise a spreagadh sa chultúr Gaelach.

Tá LCTC mar chuid de chlár an CIE , Ag Roinnt san Oideachas, agus is í Comhairle na Gaelscolaíochta a rinne an tionscadal a fhorbairt.  Cuspóir an chúrsa scoile ná bacainní idir an dá thraidisiún a shárú tríd an cultúr agus an teanga a mhúineadh i modh neodrach, oscailte.  Ní cúrsa teanga  é ach cúrsa i saibhreas na léann Gaelach.  Tá béim áirithe curtha ar an teanga féin, cinnte, ach cuirtear an bhéim sin ar an nGaeilge neamhfhoirmiúil atá á húsáid ag na daltaí go laethúil; logainmneacha, sloinnte, ceol agus téarmaí. 

Modh úr atá ann leis an teanga agus an oidhreacht  a nochtadh den chéad uair dóibh siúd atá neamheolach orthu ar chúis pholaitíochta.  Téama lárnach an chláir Ag Roinnt San Oideachas ná athmhuintearas agus  déanann LCTC an pholaitíocht agus an mistéir a nasctar leis na léinn Ghaelacha de ghnáth a shárú.  Ní hé go múintear na gnéithe Gaelacha amháin ach múintear iad i dtimpeallacht ina bhfuil an dá ghrúpa i gcomhpháirtíocht lena chéile.
 
Cuirfear an tionscadal i bhfeidhm i ngach cineál scoile idir scoileanna lánGhaeilge, scoileanna rialaithe, bhunscoileanna agus mheánscoileanna ar fud Thuaisceart Éireann.  Rinneadh LCTC a fhorbairt sa chaoi is go bhféadfaí cuid den chúrsa a athrú le go bhfreastalódh sé ar gach leibhéal scolaíochta, agus d’fhéadfaí  é a nascadh le hábhar scoile reatha mar oideachas saoránach.

Tá an CIE maoinithe ag ranníocaíochtaí ó Mheiriceá, ón tAontas Eorpach, ó Cheanada, ón Astráil agus ón Nua Shéalainn.  Infheistíodh £16m (€19.5m) sa chlár ‘Roinn san Oideachas’ agus tá £309,800 (€385,000) soláthartha ag an gclár sin don tionscadal LCTC cheana féin.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:

Slí Cholmcille i nDoire Cholmcille

Dea-scéal do na healaíona dúchasacha sa Spidéal
 
As na Nuachtáin: Comórtas Liteartha an Oireachtais

   

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>