Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Oireachtas Cheanada le ceiliúradh don dara bliain as a chéile

$
0
0
Don dara bliain as a chéile déanfar ceiliúradh idirnáisiúnta ar chultúr na hÉireann ag Oireachtas na Gaeilge i gCeanada ó 6-9 Iúil 2012.

Féile splancach, bunaithe ar mhúnla ‘Oireachtas na Gaeilge’ atá  i gceist agus í lonnaithe i nGaeltacht An Oileáin Úir i gCeanada.

Cuireadh tús le samhail na féile sa bhliain 2008 ag comhdháil urraithe ag Glór na nGael i Nua-Eabhrac ‘Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh’ le fís uaillmhianach a nascfadh grúpaí Gaeilge i Meiriceá Thuaidh agus in Éirinn. Freastalaíonn an fhéile ar chainteoirí dúchasacha mar aon le foghlaimeoirí na Gaeilge ó thíortha éagsúla ar fud an domhain.

Le linn an dtrí lá déanfar ceiliúradh ar oidhreacht na Gaeilge agus ar na healaíona dúchasacha mar a dhéantar gach bliain ag Oireachtas na Samhna. I measc na n-imeachtaí beidh comórtais éagsúla á reáchtáil sna rannóga a leanas:

Scéalaíocht
Agallamh beirte
Lúibíní
Dreas cainte
Aithris Filíochta
Amhránaíocht ar an sean -nós
Litríocht
Ceol Aonair
Damhsa ar an sean-nós
Damhsa seite

Cruthófar atmaisféar breá Gaelach le himeachtaí amhail féastaí, drámaí, seoladh leabhar, seisiúin cheoil, club na féile, céilithe agus is cinnte go mbeidh scoth na gceoltóirí agus na ndamhsóirí Éireannacha i láthair, ina measc beidh an damhsóir aitheanta Labhras Sonaí Choilm Learraí as Leitir Mealláin i gConamara, an ceoltóir cumasach agus iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada Meataí Joe Shéamais Ó Flátharta agus iarbhuaiteoir eile Chorn Uí Riada Máirín Uí Chéide, as ceantar na n-oileán i gConamara ach atá ina cónaí i mBostún.

Beidh aíonna na féile Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir Ealaíne, Oireachtas na Gaeilge agus Cilian Fennell,  Comhbhunaitheoir Stillwater Communications ag déanamh roinnt cainte ag cuid de na hócáidí chomh maith.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin Oireachtas Cheanada. Reáchtálfar an chuid is mó de na hócáidí i nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir (Erinsville/Tamworth, Ontario), agus in Óstán Days Inn, Dún Laoghaire (Kingston), Ontario - http://www.daysinnkingston.com/Events.html.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas
:
 
Le Chéile Trí Chultúr

Dul chun cinn na Gaelscolaíochta

As na Nuachtáin: Comórtas Liteartha an Oireachtais


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>