Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Féile na Gréine 2012

$
0
0

Beidh Féile na Gréine ar siúl ar An gCoreán i ndeisceart Chiarraí taobh istigh de choicís eile le neart imeachtaí éagsúla reáchtáilte sa cheantar ón 21-23 Meitheamh.

Ag féile na bliana seo beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar Ghrianstad an tSamhraidh ar an 21 Meitheamh, in atmaisféar taitneamhach le neart ceoil, amhrán agus damhsa agus mairfidh an ceiliúradh ar feadh tréimhse trí lá.

Ag 7pm ar an Déardaoin, 21 Meitheamh déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, TD Féile na Gréine na bliana seo a oscailt go hoifigiúil ag ócáid mhór in ionad ealaíon Tech Amergin ar An gCoireán agus beidh taispeántas ealaíne leis an ealaíontóir aitheanta atá lonnaithe i gCiarraí Pauline Bewick.

Tá nasc an-láidir ag an fhéile seo le hAlbain agus i mbliana beidh muintir na hAlban ag dul chun stáitse le linn go leor de na himeachtaí atá beartaithe . Beidh na filí Liz Lochead agus Aonghas Mac Neacail i láthair mar aon leis an bpíobaire Albanach Allan Mac Donald agus Gerda Stevenson.

Beidh scríobh filíochta le James Harpur agus péinteáil tírdhreacha le Helen Richmond,

Potaireacht le Louis Mulcahy agus  beidh comhrá agus rang Gàidhlig le Beathag Mhoireasdan.

Maidin Aoine beidh léiriú ag an gcomhlacht amharclannaíochta/dráma do dhaoine óga ar an scéal gleoite Clann Lir.  Seo insint nua ar an seanscéal draíochta – seó é seo le puipéadóireacht, íomhánna fuinniúla agus ceol aoibhinn nuachumtha.

Beidh an seó seo á Stiúradh ag Marc Mac Lochlainn le tionlacan ó na ceoltóirí Michael Chang agus Freda Nic Giolla Chatháin.

I measc na n-aíonna áitiúla beidh ceol le The Boys of the Lough mar aon le drámaíocht le Dónal O’Kelly mar aon le go leor eile.

Anuas air seo beidh ceardlanna éagsúla, ceolchoirmeacha, siamsaíocht, léamh, díospóireacht, tine cnámh taobh amuigh den ionad ealaíon Tech Amergin ar Oíche Fhéile tSin Sheáin, 23 Meitheamh agus tá fáilte roimh chách agus leanfar le siamsaíocht agus leis an gceiliúradh isteach san oíche.

Beidh neart ceardlann, imeachtaí óige, siamsaíochta agus litríochta ar siúl agus ar an Satharn beidh taispeántas scannánaíocht  agus beidh Filí Chorca Dhuibhne ag léamh filíochta sa iarnóin.

Tá fáilte roimh chách chuig na himeachtaí ar fad agus tá táille ar chuid de na himeachtaí ach tá cinn eile saor in aisce do chách.

Tá liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.feilenagreine.com

© Foilsithe ar Gaelport.com - 12 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Oireachtas Cheanada le ceiliúradh don dara bliain as a chéile

Le Chéile Trí Chultúr

As na Nuachtáin: Comórtas Liteartha an Oireachtais


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>