Oireachtais inniu.
16.40 Agus sin é don lá inniu. Tá an bille ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Cuirfear fáilte roimh bhur dtuairimí mar is iondúil ar Twitter, Facebook agus thar rphost chuig eolas@gaelport.com.
16.37 Vótáil eile á lorg ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill. Tá siad ag cur na cosa i dtaca a chéile anois ach níl an chuma ar an scéal go n-éireoidh leo an ceann seo a thabhairt leo.
16.24 Níor ghlacadh leis an rún sin. Toradh: Tá 27/ Níl 15
16.20 Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ag lorg síneadh ama don díospóireacht agus tá vótáil ar siúl arís le nach mbrúfaí an bille ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
16:00 Agus seo linn an guillotine. Tá an díospóireacht críocnaithe don lá inniu. Pléadh thart ar 16 leasú ansin agus anois beidh an Bille ag bogadh ar aghaidh go céim na tuairisce. Níor pléadh ach 10% de na leasuithe a bhí molta.
15.54 "Is ábhar díomá é go dtí seo nach raibh an tAire sásta glacadh le leasú ar bith go dtí seo", dar leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Tá sé imníoch nach bhfuil an rialtas ag tabhairt aird ar an bhuairt atá ag muintir na Gaeltachta i dtaobh an Bhille. Is ceart síneadh ama a chur leis an bplé, dar leis. "Cén dochar a dhéanfadh sé coicís eile a thabhairt leis é seo a chur ina cheart, a Aire?"
15.47 "Níl rud ar bith sa Bille a chuirfidh le hacmhainní an Údaráis", dar leis an Seanadóir Brian Ó Domhnaill. Níor tugadh aon chuireadh do na hionadaithe poiblí freastal ar chruinnithe poiblí nó fóraim atá ar siúl inniu sa Ghaeltacht i nGaoth Dóbhair. "Tá an chuma air nach nglacfar le aon cheann de na leasuithe agus is cur amú ama na cruinnithe sin a réachtáil anois", a deir sé.
15.45 Seanadóir Brennan ag labhairt anois. "Caithfimid tosnú a dhéanamh sna scoileanna náisiúnta, tá a-lán le déanamh ag gach aon duine", dar leis.
15.38 An bhfuil an bille á plé sna ceantair Ghaeltachta? Tá amhras ar roinnt Seanadóirí. Ceist eile atá ann ná an leanfar leis an díospóireacht tráthnóna inniu sa Seanad?Tá imní ann go gcuirfear deireadh leis an bplé ansin agus na leasuithe go léir atá molta le go mbeidh an rialtas in ann an bille a achtú roimh bhriseadh an tsamhraidh.
15.32 Ceaptar go bhfuil roinnt Teachtaí Dála Fhine Gael atá ionadaíoch ar cheantair Ghaeltachta atá ag easontú leis an mBille. Beidh le feiceáil nuair a bheidh an bille á phlé sa Dáil.
14.58 Tá an díospóireacht sa Seanad le feiceáil beo anseo. Scríobh Donncha ó hÉallaithe alt suimiúil- Flawed Gaeltacht Bill in need of brave revision maidir le Alt 7 don Bhille san Irish Times Dé Céadaoin. Tá sé ar fáil le léamh anseo
14.52 Leasú eile atá molta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh á phlé anois. Moltar gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ag na heagraíochtaí a bheidh ag ullmhú na pleananna teanga faoin Acht.
14.47 Toradh: Tá 15/ Níl 29. Mar sin níor ghlacadh leis an leasú sin. Léiríonn sé nach bhfuil an rialtas ag tabhairt aird ar stádas teangeolaíoch na gceantar éagsúla.
14.45 Tá vótáil ar bun anois maidir le leasú atá molta faoi Alt 7 ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go dtabharfaidh an tAire aird ar staid na Gaeilge i measc an pobail atá ina gcónaí sa limistéar sin le linn dó limistéar a ainmniú mar cheantair Gaeltachta sa Bhille.
Sos- 14.15
13.35 Deir an tAire Gaeltachta go bhfuil sé sásta plé a dhéanamh maidir le stádas teangeolaíoch na gceantar Gaeltachta go dtí meán oíche. Tharla an rud céanna an uair a bhí cás na ndamhchaséarachais á phlé sa Seanad cúpla mí ó shin. Tá 146 leasú fós le plé.
13.30 Go dtí seo níor ghlacadh ach le dhá leasú ón rialtas agus níor ghlacadh le aon leasú eile on fhreasúra. Tá an Seanadóir Cáit Keane ag labhairt sa Seanad anois.
13.25 Níl tagairt don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta sa Bhille dar leis an Seanadóir Brian Ó Domhnaill. Beidh cruinniú ar siúl i nGaoth Dobhair inniu faoin Bhille. Cén fáth nár réachtáladh é cúpla mí ó shin? "This Bill removes one thing the people have, a democratic voice".
13.23 An Seanadóir Seán Barrett ag léiriú imní faoin gcur chuige atá á ghlacadh faoin Bhille. "There is huge public opinion against the Bill, how can you change from being a proponent of Gaeltacht rights and pressing the Guillotine on the Bill today".
13.17 Níor fhreagair an tAire aon cheann de na ceisteanna a cuireadh níos túisce, dar leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Ar léigh aon duine eile ar bhinsí an rialtais an Staidéar SCT? An bhfuil sampla don chur chuige seo in úsáid ag aon tír eile ina bhfuil mionteanga á labhairt ann?
13.10 An tAire Stáit Dinny McGinley TD ag caint. Tá acmhainní teoranta sa tir faoi láthair. Tá €60 milliún á thabhairt don Ghaeilge gach bliain. "Ní beag an suim é sin", a deir sé."Níl airgead chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais".
13.03 Deir an tAire go bhfuil an tÚdarás ag plé leis na ceantair seo le tríocha bliana anuas. Cur síos á dhéanamh ar dul chun cinn na Gaeilge i gCluain Dolcáin. Mol an óige agus tiocfaidh sí, a deir sé.13.00 An Seanadóir Brian Ó Domhnaill ag cáineadh cur chuige an Bhille. Cén fáth go bhfuil an staidéar SCT curtha ar leataobh, cad iad na critéir atá á úsáid ag an Roinn maidir leis an 19 ceantair a bheidh ag ullmhú pleananna teanga. An raibh aon plé leis an gCoimisinéir Teanga agus le hÚdarás na Gaeltachta?
12.57 Tá dul amú ar an Aire mura dtabharfaí aird ar mholtaí an staidéar teangeolaíoch (SCT) dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. Cá bhfuil na critéir agus an slat tomhais a bheidh ann do na ceantair seo. “An mbeimid ag fanacht ar an daonáireamh mar ní bheidh an Roinn in ann measúnú a dhéanamh ar na figiúirí”, a deir sé. Cuirtear i leith an Aire Gaeltachta go bhfuil sé ina Aire á la Carte Gaeltachta.
12.55 Níl sé beartaithe idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí ABC mar a mholadh faoin Staidéar SCT. Ní ghlacfar leis na leasuithe atá molta ag lucht an fhreasúra dár réir
12.44 Díospóireacht bhríomhar sa Seanad. Deir an tAire Stáit Dinny McGinley go bhfuil sé mórtasach gur tháinig an Bille isteach. “Táimid ag plé leis na ceantair Ghaeltachta”, a deir sé. Táimid ag dul i gcomhairle le muintir na Gaeltachta a deir sé.
12.41 An Guillotine á thabhairt don Bhille: Tá imní léirithe ag an Seanadóir nach bhfuil an rialtas ag glacadh leis an leasuithe atá molta ag Seanadóirí agus nach bhfuil aird á thabhairt ar na leasuithe atá ann.
12.32 Tá cleasaíocht ar bun ag an Aire Gaeltachta dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. “Dá mbeadh suim agat sa daonlathas bheimid ag bogadh ar aghaidh le toghchán an Údaráis”, a deir sé.
Caitheadh suas le €500,000 ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, dar leis. Cén fáth nach bhfuil an tAire ag glacadh leis na moltaí atá déanta acu? Tá codarsnachtaí atá ann ó thaobh leibhéal labhairt na Gaeilge sna ceantair ina bheidh pleananna teanga le réiteach acu. Buille an bháis a thabhairt don Ghaeilge, dar leis.
* le Niamh Ní Shúilleabháin agus foireann Gaelport.com. Foilsithe ar Gaelport.com 05 Iúil 2012. Tá i gceist ag Gaelport blagáil beo a dhéanamh ar díospóireachtaí Oireachtais maidir le Bille na Gaeltachta 2012. An bhfuil aiseolas agat nó an bhfuil spéis agat do thuairim a léiriú? Seol ríomhphost chuig eolas@gaelport.com, fág teachtaireacht ar Facebook thíos nó seol tweet chuig @Gaelport ar Twitter.com.