Tá imní léirithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta inniu go bhfuil Bille Gaeltachta ‘lochtach’ le hachtú faoi dheifir roimh bhriseadh an tsamhraidh
Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge inniu go raibh sé “scannalach nach mbeidh deis ag na bpolaiteoirí - ná ag an bpobal - plé mar is cóir a dhéanamh air sula mbrúitear tríd an Dáil é”.
Cuireadh deireadh leis an bplé faoi Bhille na Gaeltachta 2012 sa Seanad go tobann Déardaoin seo caite, 5 Iúil agus níor pléadh ach deich faoin gcéad de na leasuithe a bhí le plé.
Tionscnaíodh an Bille ar 19 Meitheamh agus tá dhá mhórsprioc luaite leis: córas pleanála teanga a leagan amach sna ceantair Ghaeltachta amach anseo chomh maith le foráil a dhéanamh maidir le feidhmeanna agus cur chuige Bhord Údarás na Gaeltachta.
Faoi mar a sheasann sé, cuirfidh an Bille seo deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta agus tabharfar an chumhacht don Aire seachtar comhalta a ainmniú; ainmneoidh comhairlí contae na comhaltaí eile ar an mBord.
Beidh an Bille á phlé sa Seanad Déardaoin seo chugainn 12 Iuil. Más fíor go bhfuil i gceist ag an rialtas é a achtú roimh bhriseadh an tsamhraidh, ní bheidh ach seachtain don phlé sa Dáil roimh dheireadh an téarma seo ar 19 Iúil.
Tá conspóid freisin mar leis an socruithe atá beartaithe sna naoi gceantar déag in bheidh pleananna teanga le hullmhú ag coistí pobail. Níl an Bille ag glacadh leis na critéir a moladh faoin Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch inar moladh gur cheart trí limistéir a leagadh amach bunaithe ar chritéir theangeolaíoch.
Tugadh le fios sa staidéar sin go raibh trí chineál pobal teanga faoi leith laistigh de na limistéir reachtúla Ghaeltachta: Limistéir Ghaeltachta Chatagóir A a chuimsíonn na toghranna a bhfuil breis is 67% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge; Limistéir Ghaeltachta Chatagóir B a chuimsíonn na toghranna a bhfuil idir 44%–66% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus limistéir Ghaeltachta Chatagóir C a chuimsíonn na toghranna a bhfuil faoi bhun 44% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
Níl Guth na Gaeltachta sásta le cur an chuige an rialtais. Ag labhairt dó faoin mBille dúirt Dónall Ó Cnaimhsí, "Agus muid ag fanacht 55 bliain le Bille Gaeltachta chun tacú leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, ní dhéanann sé aon chiall dúinn nach mbeadh an Rialtas sásta fiú fanacht cúpla mí eile leis an reachtaíocht ríthábhachtach, thromchúiseach seo a reachtú."
Léirigh an Coimisinéir Teanga imní maidir leis an mBille san Irish Times an tseachtain seo caite. “Bheadh lúb ar lár an-suntasach i bhfeidhmiú an Bhille nua Gaeltachta mura gcinntítear comhthreomhar leis go gcuirfeadh na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dualgais reachtúla ar eagrais stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.
Blagáil Bheo: Tá i gceist ag Gaelport blagáil beo a dhéanamh ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais ar na díospóireachtaí faoin Bhille Gaeltachta. Más mian leat do thuairim a léiriú seol ríomhphost chuig eolas@Gaelport.com, seol tweet chuig @Gaelport ar Twitter nó fág teachtaireacht ar facebook.com/gaelportcom.
Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge inniu go raibh sé “scannalach nach mbeidh deis ag na bpolaiteoirí - ná ag an bpobal - plé mar is cóir a dhéanamh air sula mbrúitear tríd an Dáil é”.
Cuireadh deireadh leis an bplé faoi Bhille na Gaeltachta 2012 sa Seanad go tobann Déardaoin seo caite, 5 Iúil agus níor pléadh ach deich faoin gcéad de na leasuithe a bhí le plé.
Dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley inniu áfach go raibh sé den tuairim go raibh go plé leanúnach poiblí ar siúl maidir le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta le blianta fada anuas agus go bhfuil an t-am tagtha chun gníomh fónta, dearfach a chur in áit na cainte.
D'eisigh sé ráiteas inniu agus dúirt sé: "Faoin am go mbeidh an plé sa Seanad críochnaithe ar an gCéadaoin, 11 Iúil, beidh díospóireacht de dheich n-uaire a chloig déanta ar an mBille sa Teach sin agus tabharfar beagnach an méid céanna ama don mBille nuair a thabharfar os comhair na Dála é".Tionscnaíodh an Bille ar 19 Meitheamh agus tá dhá mhórsprioc luaite leis: córas pleanála teanga a leagan amach sna ceantair Ghaeltachta amach anseo chomh maith le foráil a dhéanamh maidir le feidhmeanna agus cur chuige Bhord Údarás na Gaeltachta.
Faoi mar a sheasann sé, cuirfidh an Bille seo deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta agus tabharfar an chumhacht don Aire seachtar comhalta a ainmniú; ainmneoidh comhairlí contae na comhaltaí eile ar an mBord.
Beidh an Bille á phlé sa Seanad Déardaoin seo chugainn 12 Iuil. Más fíor go bhfuil i gceist ag an rialtas é a achtú roimh bhriseadh an tsamhraidh, ní bheidh ach seachtain don phlé sa Dáil roimh dheireadh an téarma seo ar 19 Iúil.
Tá conspóid freisin mar leis an socruithe atá beartaithe sna naoi gceantar déag in bheidh pleananna teanga le hullmhú ag coistí pobail. Níl an Bille ag glacadh leis na critéir a moladh faoin Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch inar moladh gur cheart trí limistéir a leagadh amach bunaithe ar chritéir theangeolaíoch.
Tugadh le fios sa staidéar sin go raibh trí chineál pobal teanga faoi leith laistigh de na limistéir reachtúla Ghaeltachta: Limistéir Ghaeltachta Chatagóir A a chuimsíonn na toghranna a bhfuil breis is 67% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge; Limistéir Ghaeltachta Chatagóir B a chuimsíonn na toghranna a bhfuil idir 44%–66% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus limistéir Ghaeltachta Chatagóir C a chuimsíonn na toghranna a bhfuil faoi bhun 44% dá ndaonra iomlán ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
Níl Guth na Gaeltachta sásta le cur an chuige an rialtais. Ag labhairt dó faoin mBille dúirt Dónall Ó Cnaimhsí, "Agus muid ag fanacht 55 bliain le Bille Gaeltachta chun tacú leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, ní dhéanann sé aon chiall dúinn nach mbeadh an Rialtas sásta fiú fanacht cúpla mí eile leis an reachtaíocht ríthábhachtach, thromchúiseach seo a reachtú."
Léirigh an Coimisinéir Teanga imní maidir leis an mBille san Irish Times an tseachtain seo caite. “Bheadh lúb ar lár an-suntasach i bhfeidhmiú an Bhille nua Gaeltachta mura gcinntítear comhthreomhar leis go gcuirfeadh na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dualgais reachtúla ar eagrais stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.
Blagáil Bheo: Tá i gceist ag Gaelport blagáil beo a dhéanamh ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais ar na díospóireachtaí faoin Bhille Gaeltachta. Más mian leat do thuairim a léiriú seol ríomhphost chuig eolas@Gaelport.com, seol tweet chuig @Gaelport ar Twitter nó fág teachtaireacht ar facebook.com/gaelportcom.
© Foilsithe ar Gaelport.com 09 Iúil 2012. An leagan is déanaí foilsithe 18:15.
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
As na nuachtáin: Veradkar's Vacation to get tongue wagging
As na Nuachtáin: Saving the Gaeltacht