Beidh Scoil Samhraidh Éigse Eatharlaí ar siúl sa Ghleann Eatharlaí i ndeisceart Thiobraid Árann ón 27-29 Iúil 2012.
Tá an Scoil Éigse seo ar an fhód le seacht mbliana anuas agus déantar comóradh agus ceiliúradh ar an gceol traidisiúnta sna hamhráin agus sa rince.
Tá deireadh seachtaine iontach den amhránaíocht, den chraic, ceol, sean-nós, damhsa agus de chuideachta gealta ag an na deireadh seachtaine.
Beidh an chuid is mó de na himeachtaí ar siúl san Ionad Cultúrtha, Tigh Roy, atá suite in aice leis an gGallbhaile i gCo Luimnigh agus i mBaile Lios Fearnáin i gCo. Thiobraid Árann.
Seo an baile a bhain amach an phríomhdhuais le linn chomórtas An G-Team a bhí craolta ar TG4, clár a ndeachaigh bailte ina raibh pobail nach pobail Ghaeltachta iad san iomaíocht lena chéile chun an baile is Gaelaí in Éirinn a aimsiú.
Beidh neart imeachtaí cultúrtha ag an Éigse seo ina measc beidh ceol Gaelach, damhsa, ceardlanna éagsúla, ceolchoirmeacha, taispeántais, amhráin ar an sean-nós chomh maith le neart imeachtaí eile.
Beidh ceardlanna agus ranganna éagsúla ar an fheadóg, consairtín, cláirseach, an fheadóg mhór, bainseó chomh maith le huirlisí eile á dteagasc. I measc na dteagascóirí beidh an t-amhránaí ar an sean-nós Caitríona Ní Cheannabháin as Ceantar Iorras Aithneach i gConamara.
Beidh ceardlann ar an gcruit leis na gceoltóir aitheanta Cormac De Barra, ceardlann damhsa ar an sea-nós leis an damhsóir Liam Ó Scanláin. Beidh an ceoltóir iomráiteach Mary Bergin i bhfeighil teagaisc na Feadóige Stáin agus beidh Michelle Mulcahy ag taispeáint a ceirde ar an gconsairtín do dhaoine agus Louise Mulcahy ar an bhfeadóg mhór.
Ag glacadh páirte san himeachtaí freisin beidh an boscadóir iomráiteach as Cois Farraige i gCo. na Gaillimhe Johnny Connolly agus an fidléir aitheanta Máire Breatnach.
Ag 8:30 pm an Aoine 23 Iúil beidh Fáiltiú agus oscailt oifigiúil ar siúl i dTigh Roy, Ionad Cultúrtha, Gleann Eatharlaí. Leanfar le ceolchoirm mhór le haíonna speisialta ina measc beidh Mary Bergin, Máire Breatnach, Cormac De Barra, Michelle Mulcahy, Louise Mulcahy, Mick Mulcahy, Caitríona Ní Cheannabháin, Liam Ó Scanláin, Roy Galvin.
Maidin Shathairn beidh ceardlann ar siúil i rith an lae agus níos déanaí sa tráthnóna beidh ceolchoirm mhór na hÉigse ar siúl ag 8:30 pm.
San iarnóin ar an Satharn beodh seisiún ceoil i dTeach Tábhairne, Moroney's, Lios Fearnáin. Beidh neart seisiún ceoil, amhrán sean-nóis agus damhsa ar an sean-nós ar siúl gach oíche in ionaid éagsúla ar fud an bhaile.
Tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ar www.eatharlai.ie.

© Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéálta a leanas:
Foghlaim: Ardchúrsa Oiliúna in Aistriúchán Cáipéisí Dlí agus Cáipéisí Stáit eile
Folúntais: Oifigeach Riaracháin á lorg ag Seachtain na Gaeilge
Féilire: Tús curtha le Scoil Samhraidh Willie Clancy 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #Féilte #spraoi