Reáchtálfar Éigse Chluain Tarbh i dTuaisceart Átha Cliath ón 2 -9 Deireadh Fómhair 2011.
↧
Éigse Chluain Tarbh 2011
↧
Lá Náisiúnta Filíochta na hÉireann - 2011
Beidh Lá Náisiúnta Filíochta ar siúl an Déardaoin, 6 Deireadh Fómhair 2011.
↧
↧
Tionól an Fhómhair 2011
Is i bparóiste Chill Rosanta i gCo. Phort Láirge a bheidh Tionól an Fhómhair na bliana seo ar siúl ón 21-23 Deireadh Fómhair 2011 agus é á reáchtáil ag Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge, i gcomhar leis an bpobal áitiúil.
↧
Comhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge
Reáchtálfar an Chomhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar 7 agus 8 Deireadh 2011.
↧
Féile na Meán Ceilteach
Tá Féile na Meán Ceilteach ag glacadh le hiontrálacha do chomórtas na Féile a bheidh ar siúl i nDoire, Tuaisceart Éireann ón 18-20 Aibreán 2012.
↧
↧
Dhá thicéad chuig ceolchoirm mhór na bPíobairí Uilleann le buachan….
Coicís eile imithe agus tá comórtas eile á reáchtáil ag Gaelport agus an tseachtain seo beidh dhá thicéad chuig an gceolchoirm mhór The Ace & Deuce of Piping le buachan ag duine amháin!
↧
Fostaí nua Aitheantas ag eagrú cruinnithe poblí ar son na Gaelscolaíochta
Tá Caitríona Bairéad ina hOifigeach Forbartha nua ag Aitheantas, comhfheachtas ar son na Gaelscolaíochta, agus tá sraith de chruinnithe poiblí maidir le Gaelscoileanna áitiúla a bhunú eagraithe aici i gCo. Átha Cliath agus i gCo. Chill Dara don tseachtain seo chugainn.
↧
Cearta & Ceiliúradh - An Lá Gaeilge is Mó sa Bhliain faoi lán seoil!
Is geal le Gaeilgeoirí fá lá Cearta & Ceiliúradh POBAL in Aonach Naomh Seoirse, Béal Feirste, Dé Domhnaigh 9ú Deireadh Fómhair, ó 1 go dtí 5.
↧
Oíche tiomsaithe airgid ar mhaithe le Scoil Neasáin
Eagrófar oíche tiomsaithe airgid ar mhaithe le Scoil Neasáin i gCaisleán Chluain Tarbh ar 7 Deireadh Fómhair.
↧
↧
Éileamh ar léiritheoirí teilifíse le Gaeilge
Bonnadh teastais ar aon oiliúnaí déag a ghlac páirt i scéimeanna oiliúna bliana an Chiste Craoltóireachta Gaeilge Dé hAoine seo caite.
↧
Ag siúl i gCorca Dhuibhne
Más suim leat an Ghaeilge agus má tá tú réasúnta aclaí tar ag siúl i gceantar Chorca Dhuibhne ag deireadh na míosa seo. Beidh cúrsa Gaeilge, siúlóidí agus blaiseadh bídh á eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne don deireadh seachtaine i gceann des na ceantracha is áille in Éirinn.
↧
Comhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge
Is féidir clárú anois don Chomhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge a bheidh ar siúl in Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 7 agus 8 Deireadh Fómhair 2011.
↧
Glaoch ar Pháipéir: Comhdháil ar litríocht na nÓg
Reáchtálfar an dara comhdháil idirnáisiúnta ar litríocht agus cultúr na nÓg i gColáiste Phádraig Droim Conrach i Mí Márta na bliana seo chugainn agus tá iarratais á lorg anois ó dhaoine ar suim leo labhairt ag an gComhdháil.
↧
↧
Eachtra an Ghobáin Saoir-Eagrán nua le seoladh
Seolfar eagrán nua den dráma cáiliúil "Eachtra an Ghobáin Saoir" leis an Dr Risteird de Hindeberg ar 12 meán lae, 1 Deireadh Fómhair i gColáiste na Rinne, An Rinn, Dún Garbháin.Is í an Dr Aoibheann Nic Dhonnchadha ó Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a sheolfaidh an leabhar atá curtha in eagar ag Seán Ó Morónaigh, stiúrthóir an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta.
↧
Cearta teanga sa seomra ranga
Tabharfar deis do gach dalta scoile dara leibhéal in Éirinn foghlaim faoi chearta teanga i dtionscnamh nua ilmheánach oideachais a d’fhorbair Oifig an Choimisinéara Teanga agus a sheol an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., i nGaillimh inniu.
↧
Scéim Iris Ghaeilge Chlóite
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhreamanna ar spéis leo iris mhíosúil Ghaeilge uile-oileánda a fhoilsiú i gcomhair thréimhse Eanáir 2012-Nollaig 2014 le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge.
↧
Féile Celtic Connections
Beidh an t-amhránaí cáiliúil Tom Jones mar cheann de na 1500 ealaíontóir a bheidh ag dul chun stáitse le linn na féile Celtic Connections i nGlaschú na hAlban ón 13 go dtí 30 Eanáir 2010.
↧
↧
Ceapachán: Aifric Mac Aodha
Fógraíodh le déanaí go bhfuil Aifric Mac Aodha ceaptha ina heagarthóir liteartha ar an iris mhíosúil aitheanta Comhar. Is as baile Átha Cliath d’Aifric.
↧
‘Ní féidir linn glacadh le polasaí Gaeilge Fhine Gael’
Tá fáilte curtha ag Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge roimh chuid de leasuithe Fhine Gael (FG) ar a bpolasaí Gaeilge.
↧
61% de dhaoine ar son na Gaeilge mar ábhar riachtanach
Chinn roinnt eagraíochtaí Gaeloideachais, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tabhairt faoi shuirbhé a léireodh meon an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile i mí Iúil 2010. D’eascair an suirbhé seo as imní na n-eagraíochtaí faoi mholtaí Fhine Gael chun ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta.
↧