Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

An Ghaeilge agus an Gnó sa Daingean

$
0
0
Beidh Micheál Ó Muircheartaigh ag teacht ar thuras an Daingean ar an Mháirt 1 Márta ar chuireadh ó Corca Dhuibhne ag Caint.  Labharfaidh Micheál leis an bpobal áitiúil - lucht gnó agus custaiméirí araon maidir le rogha teanga agus duine i mbun gnó.

An Chomhdháil ag Fáiltiú Roimh bhunú an 31ú Dáil

$
0
0
Déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comhghairdeas le Enda Kenny, T.D., ar a thoghadh mar Thaoiseach inné sa Dáil.  Treaslaíonn an Chomhdháil leis na hAirí Rialtais nua-cheaptha agus guímid gach rath orthu agus iad i mbun ghnó mar bhaill den Rialtas sa 31ú Dáil.  Déanaimid comhghairdeas ach go háirithe leis an Aire Jimmy Deenihan, T.D., ar a cheapachán mar Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
 
 

Oifig Eolais Oscailte i gCathair Chorcaí

$
0
0
Seoladh mí na Gaeilge cois Laoi agus osclaíodh ionad eolais nua de chuid Ghael-Taca go hoifigiúil i lár Chathair Chorcaí le déanaí.

Díospóireacht na nIarrthóirí don Uachtaránacht ar TG4

$
0
0

Beidh seisear de na hiarrthóirí atá san iomaíocht lena chéile don Uachtaránacht ag glacadh páirte sa díospóireacht dhátheangach a chraolfar ar TG4, Dé Máirt seo chugainn, 18 Deireadh Fómhair.

Léacht ar ról na n-oileán sa litríocht

$
0
0

Tá Craobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach le léacht ar ‘Oileáin, strainséirí agus scríbhneoirí’ a thionól in Áras Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Déardaoin 17 Samhain 2011 ar 8 i.n. 

Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta ag lorg tuairimí maidir lena mbeartas Gaeilge

$
0
0

Tá Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta i mbun comharliúcháin maidir lena mbeartas Gaeilge. Is mian leis an gComhairle Ceantair tuairimí réimse leathan daoine a fháil lena chinntiú go bhfuil an beartas praiticiúil agus cuiditheach.   

Spraoi fichille

$
0
0

Tugadh an deis do bhreis agus céad páiste ó scoileanna  na príomhchathrach cluichí fichille a imirt i gcoinne máistrí iomráiteacha ó shaol na fichille inniu.

Fáilte curtha roimh fhorbairtí maidir le Áis

$
0
0

Inné, chuir an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., fáilte roimh fhorbairtí maidir le Áis, seirbhís dáileacháin leabhar Fhoras na Gaeilge.

Scéim Colmcille

$
0
0

Tá fógartha ag Colmcille go bhfuil siad ag glacadh le hiarratais ó dhaoine a bhíonn ag cur cultúr na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus in Albain.

Postanna i mbaol i nGaelscoil i Sligeach

$
0
0

Tá imní léirithe ag Gaelscoil Chnoc na Ré i Sligeach go mbeidh ar an scoil beirt mhúinteoir a ligean chun siúil ag deireadh na míosa mar gheall ar chinneadh a rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna deireadh a chur leis an gcóimheas daltaí le múinteoirí fabhrach a bhí ann i ngaelscoileanna.

Rannóg na Leabhar Gaeilge oscailte i Leabharlann Mhachaire Fíolta

$
0
0

Comhartha don ardú stádais atá á thabhairt don Ghaeilge sa saol poiblí áitiúil a bhí ann nuair a osclaíodh rannóg na leabhar Gaeilge i Leabharlann Mhacaire Fíolta i nDoire le déanaí, dar le, cathaoirleach na Comhairle áitiúil, Ian Milne.

Gaelport.com ainmnithe ar ghearrliosta do Ghradam Idirlín na hÉireann

$
0
0

Gradaim Idirlín na hÉireann 2011- Ainmníodh Gaelport.com ar ghearrliosta do Ghradam Idirlín na hÉireann arís i mbliana sa chatagóir ‘An Suíomh Gaeilge is fearr’.Bhí an bua ag Gaelport.com ag na gradaim chéanna anuraidh nuair a thug an suíomh gréasáin an gradam leis sa chatagóir sin agus tá foireann an tsuímh ag súil go ndéanfar an beart dhá bhliain as a chéile.

Filíocht agus Ceol ar an gCarraig

$
0
0

Mar chuid de shraith filíochta agus ceoil atá á eagrú ag an Market Caife i gcomhar le Poetry Ireland beidh neart filíochta agus ceoil le cloisteáil sa chaife gach mí as seo go dtí an 16 Nollaig 2011.

Deiseanna Fostaíochta le Gaeilge faoi chaibidil san Iarthuaisceart

$
0
0

Ag dhá ócáid spreagúla spleodracha i gCora Droma Rúisc agus i gCarraig Mhachaire Rois seachtain ó shin, labhair aoichainteoirí atá ag obair i réimsí éagsúla oibre trí Ghaeilge le suas le 500 dalta meánscoile faoin mbuntáiste breise a thug an Ghaeilge dóibh agus iad ag dul i mbun a ngairmeacha beatha.

Seimineár eolais don earnáil phoiblí ar dhualgais teanga

$
0
0

Tionólfar seimineáir eolais chun breis tuisceana a chothú san earnáil phoiblí maidir lena ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, úsáid réamhghníomhach na Gaeilge i gCiarraí & sa Ghaeltacht agus dea-chleachtas ag dearadh comharthaíochta agus foilseachán dátheangach. 

Treoir tugtha d’Fhoras na Gaeilge tréimhse bhreise chomhairliúcháin a thionscnamh.

$
0
0

Tá treoir tugtha ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) d’Fhoras na Gaeilge chun tabhairt faoi thréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain don tSamhail Nua Mhaoinithe.  

Comhdháil an Chraoibhín 2011

$
0
0

Beidh Comhdháil an Chraoibhín i gcuimhne an chéad uachtaráin a bhí ar Éirinn Dubhghlas de hÍde ar siúl i mBealach an Doirín i gCo. Ros Comáin ón Aoine 04 Samhain 2011. 

An tOrdú Logainmneacha (Contae Chorcaí seachas na ceantair Ghaeltachta)

$
0
0

Faoi fhorálacha Chuid 5 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé i gceist ag an gCoimisiún Logainmneacha comhairle a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, TD, ordú logainmneacha a dhéanamh chun leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Chontae Chorcaí (seachas na ceantair Ghaeltachta) a dhearbhú.

Comhdháil idirnáisiúnta na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh

$
0
0

Tionólfar Comhdháil idirnáisiúnta ag an Official Languages and Bilingualism Institute (OLBI), University of Ottawa, Ceanada, ar an 27-28 Deireadh Fómhair 2011.

Dlúthdhiosca úr le Breandán Ó Beaglaoich le buachan

$
0
0

An tseachtain seo beimid ag tabhairt deis iontach do bheirt cóip den dlúthdhiosca bríomhar nua le an gceoltóir agus amhránaí clúiteach Breandán Ó Beaglaoich a bhuachan.
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>