Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Oireachtas na Samhna ar an tairseach againn arís

$
0
0

Níl ach coicís eile fágtha go dtí go dtiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile ag an bhféile náisiúnta is Gaelaí sa tír. Beidh Oireachtas na Samhna 2011 ag filleadh ar Chill Airne, Co. Chiarraí den dara huair as a chéile agus táthar ag súil go mbeidh na mílte i láthair ag ócáid spleodrach chun sult agus spraoi a bhaint as an réimse leathan d’imeachtaí cultúrtha a bheidh ar siúl. 

Bí ar an eolas maidir leis an reifreann

$
0
0

Caithfidh muintir Phoblacht na hÉireann a vóta don Toghchán Uachtaránachta ar 27 Deireadh Fómhair ach an raibh a fhios agat go bhfaightear dhá pháipéar vótaíochta eile ar lá an toghcháin.  Beidh ort do vóta a chaitheamh in dhá reifreann chomh maith chun Bunreacht na hÉireann a athrú.

Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin fógartha

$
0
0

Bronnfar Gradam Uí Shúilleabháin-Leabhar na bliana do dhaoine fásta sa Leabharlann Náisiúnta ar 15 Samhain, 2011.

Cainteanna ar bun maidir le eagraíocht oideachais náisiúnta a bhunú

$
0
0

Tá Gaelscoileanna Teoranta agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mbun comhphlé faoi láthair maidir leis an dá eagraíocht oideachais a chomhnascadh le chéile.

Oíche mhór na mac léinn ag Oireachtas na Samhna 2011

$
0
0

Idir 1 – 6 Samhain 2011, tiocfaidh pobal na Gaeilge ó gach uile chearn den tír le chéile i gCill Airne, contae Chiarraí do Oireachtas na Samhna. Is deis iontach an tOireachtas do lucht na teanga sult a bhaint as comhluadar a chéile le linn na seachtaine ar fad, ach is ar an oíche Aoine a bheas ócáidí speisialta ar siúl do lucht na gColáistí tríú léibheál.

Duais Nua Iriseoireachta

$
0
0

Fógraíodh an tseachtain seo caite go mbeidh duais úrnua á cur le comórtas bliaintúil Glór na nGael, dírithe ar iriseoireacht Ghaeilge a chur chun cinn sna meáin Béarla, go háirithe sna meáin áitiúla Béarla. 

An Ghaeilge i do Cheantar: Seimineár Poiblí ag teacht chuig Luimneach agus Dún Garbhán

$
0
0

Reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár poiblí i gCorcaigh an mhí seo caite, chun pobal na cathrach a chur ar an eolas faoi spriocanna na Straitéise, agus chun plean gnímh a chur le chéile i gcomhar le muintir na háite, chun na spriocanna sin a bhaint amach.  

Seoladh Oifigiúil an DVD Cuireadh Chun Cainte!

$
0
0

Beidh deis ag an bpobal radharc a fháil ar an DVD agus an áis teagaisc Cuireadh Chun Cainte, nuair a sheolfar é go hoifigiúil le linn Oireachtas na Gaeilge, ar Dé hAoine 04 Samhain, ag 6pm, sa Seomra Onóra de chuid an INEC, Cill Airne. 

Gtv beo ó Oireachtas na Gaeilge

$
0
0

Beidh láithreán gréasáin nua ar fáil go luath, chun freastal orthu siúd nach mbeidh in ann a mbealach a dhéanamh go Cill Airne ag tús na míosa seo chugainn chun freastal ar Oireachtas na Gaeilge, agus é sin faoi stiúir ag Gaelscéal agus ag Gréasán na Meán.    

Cruinniú le Comhaltaí an Tionóil ar shaincheisteanna na Gaeilge

$
0
0

Tá Conradh na Gaeilge, Guth na Gaeltachta agus Comhaltas Uladh ag dul i gcomhairle le Comhaltaí an Tionóil chun iad a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an gcéad lá eolais ó thuaidh in Óstán Stormont, Béal Feirste BT4 3LP, ó 8.00rn - 6.00in Dé Máirt, 25 Deireadh Fómhair 2011.

Éalú ón bpríosún agus eachtraíocht eile

$
0
0

Oíche fhuar shiocúil a bhí ann ar  26  Nollaig 1960 nuair a d’éirigh le Dónal Ó Donghaille éalú ón bpríosún ar Bhóthar Cromghlainne i mBéal Feirste. 

Deiseanna do chéimithe le Gaeilge i Meiriceá

$
0
0

Tá Coimisiún Fulbright ag glacadh le hiarratais faoi láthair do Dhámhachtainí Gaeilge Fulbright 2012-2013.

Cás na nEagraíochtaí pléite sa Dáil

$
0
0

Inné sa Dáil,  pléadh cás na n-eagraíochtaí Gaeilge agus an tSamhail Nua Mhaoinithe mar atá  molta ag  Foras na Gaeilge, an ghníomhaireacht stáit a chuireann maoiniú ar fáil d’earnáil dheonach na Gaeilge.

Tograí forbartha i mbaol i nGaeltacht na nDéise

$
0
0

Tá imní i nGaeltacht na nDéise faoi láthair de bharr go bhfuil deireadh tagtha le Meitheal Forbartha na Gaeltachta, a bhíodh ag déileáil le airgead Leader don Ghaeltacht go dtí seo. 

Buaiteoirí ar chamchuairt

$
0
0

Rachaidh athchóiriú Gaeilge ar cheann de mhórshothair Brian Friel, ‘Winners’ ar chamchuairt náisiúnta níos déanaí sa mhí. 

Ar an Ardán anocht sa Spidéal

$
0
0

Is iad Breandán Ó hEaghra, cumadóir amhrán agus Charlie Lennon, veidhleadóir a bheidh ar stáitse sa Tobar ar an Spidéal anocht.

Gradam Phádraig Uí Chuanacháin le bronnadh anocht

$
0
0

Tabharfar aitheantas do na gaiscí atá á ndéanamh ag lucht gnó cois Laoi i leith na Gaeilge nuair a bhronnfar Gradam Phádraig Uí Chuanacháin anocht  i Halla na Cathrach i gcathair Chorcaí.

Lá eolais do chomhaltaí an Tionóil

$
0
0

Tá i gceist ag ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge ó Ghuth na Gaeltachta agus ó Chomhaltas Uladh buaileadh le comhaltaí an Tionóil ó thuaidh  Dé Máirt 25 Deireadh Fómhair i mBéal Feirste.

Oscailt oifigiúil Áislann Rann na Feirste

$
0
0

Beidh Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley T.D. i láthair ag oscailt oifigiúil Áislann Rann na Feirste, inniu an 21 Deireadh Fómhair. Is ionad pobail agus acmhainne í an Áislann i Rann na Feirste, Contae Dhún na nGall.

Scéim Sparánachta sna hEalaíon

$
0
0

Tá Iarratais á lorg ag Ealaín na Gaeltachta Teo don scéim seo a leanas: Scéim Sparánachta sna hEalaíon: Scéim atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil d’Ealaíontóirí i bhforbairt a gceird.
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>