Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live

Gradam Idirlín na hÉireann buaite arís ag Gaelport.com

$
0
0

Tá lúcháir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt, gur bhuaigh an láithreán gréasáin www.gaelport.com Gradam Idirlín na hÉireann ar Dé Sathairn sa chatagóir: Suíomh Gaeilge is Fearr.  Is é seo an dara bliain as a chéile don láithreán gréasáin an gradam seo a bhaint amach. 

Tacaíocht léirithe ag iarrthóirí na hUachtaránachta don Ghaeilge

$
0
0

Léirigh iarrthóirí na hUachtaránachta a dtacaíocht don Ghaeilge i litir chuig eagarthóirí na nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha inniu. 

Scéal Sétanta i gcruth úr

$
0
0

Tá beartaithe ag an gcomplacht amharclannaíochta  Fíbín léiriúchán nuálach ar a chur ar stáitse in Amharclann na Mainistreach go luath.

An bua ag Coláiste Feirste san Ardchúirt

$
0
0

Tá ráite ag Aire Oideachais an Tuaiscirt, John  O’Dowd go bhfuil sé ag meabhrú na n-impleachtaí a bhaineann le breithiúnas  a tugadh san Ardchúirt i mBéal Feirste inné maidir le seirbhís bus scoile a chur ar fáil do scoláirí Choláiste Feirste i mBéal Feirste.

Scoláireacht d'ealaíontóir ón nGaeltacht

$
0
0

Tá Cló Ceardlann na gCnoc ag ofráil scoláireacht do ealaíontóir ón Ghaeltacht.  Tugann an scoláireacht seo deis d’ealaíontóir le Gaeilge, tréimhse mí amháin a chaitheamh mar ealaíontóir cónaithe le Cló Ceardlann na gCnoc atá lonnaithe i  nGort a’ Choirce, Co. Dhún na nGall.  

Gearrliosta Ghlór na nGael 2011 fógartha

$
0
0

Tá fógartha ag Glór na nGael gearrliosta na mbuaiteoirí a bheidh san iomaíocht don duais náisiúnta a fhógrófar i Mí Feabhra na bliana seo chugainn.

Seoladh: Cuireadh Chun Cainte

Aighneachtaí á lorg – An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

$
0
0

Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag dréachtadh a dara scéim de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Gaelscéal gach Céadaoin

$
0
0

Tá fógartha ag eagarthóir an nuachtáin Gaelscéal, Ciarán Dunbar inniu go dtiocfaidh athrú ar dháta foilsithe an nuachtáin agus go mbeidh an nuachtán ar fáil le ceannach gach Céadaoin amach anseo.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge- do thuairim

$
0
0

Foilsíodh an Straitéis fiche Bliain don Ghaeilge roimh  an Nollaig. Ach an bhfuil mórán cloiste ag daoine faoin straitéis go dtí seo? Labhraíomar le roinnt daoine faoina dtuairimí faoin phlean náisiúnta don teanga.

Seimineár Poiblí ar chur i bhfeidhm na Straitéise Teanga

$
0
0
Beidh seimineár poiblí, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge – Na céimeanna tosaigh i dtreo Straitéis inmharthana, á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an Déardaoin, 3 Feabhra 2011, in Óstán Davenport, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. 

Ciorcal Comhrá i lár na Príomhchathrach

$
0
0
Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag cur muintir na cathrach ag caint agus ag comhrá le chéile trí mheán na Gaeilge gach tráthnóna Luain, an tEarrach seo. Beimid ag bualadh le chéile Dé Luain, 31 Eanáir 2011.

Spriocdhátaí d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2011

$
0
0
Beidh seachtain na Gaeilge ar siúl ón 5-17 Márta na bliana seo. I rith an ama seo beidh neart imeachtaí cultúrtha agus siamsaíochta mar aon le neart deiseanna ag daoine mórthimpeall na tíre páirt a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge agus Gaeilge a labhairt i measc an phobail.

Deiseanna Maoinithe do ghrúpaí pobail

$
0
0
D’fhógair Foras na Gaeilge le déanaí go bhfuil siad ag glacadh le hiarratais do na scéimeanna seo a leanas;
Scéim – An Ghaeilge sa phobal Is í aidhm na scéime seo ná Tacú le grúpaí pobail imeachtaí a reáchtáil leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn logánta.

Oíche Eolais Faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

$
0
0
 Eagraíonn Gaillimh le Gaeilge Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh gach bliain i gcomhar leis an nuachtán, Galway Advertiser, chun aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí i gcathair na Gaillimhe a bhaineann éacht amach i rith na bliana i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge sa ghnó. 

Na Suíomhanna Gaeilge is fearr san earnáil phoiblí

$
0
0
Tá ceithre shuíomh Gréasáin san iomaíocht don Ghradam don Suíomh Gaeilge is fearr san earnáil phoiblí.

Dhá phictiúrleabhar áille ar fáil ó Futa Fata

$
0
0

Tá an-bhród ar an bhfoilsitheoir Futa Fata dhá phictiúrleabhar áille a chur i lathair do páistí 3 – 6 bliana. Sin iad Lúlú agus an Oíche Ghlórach agus Cócó an Colgán Cairdiúil.
 
Seo iad na chéad leabhair do pháistí ón iriseoir agus craoltóir Bridget Bhreathnach ó Ros Muc agus ón scríbhneoir teilifíse Ailbhe Nic Giolla Bhrighde ó Ghaoth Dobhair a bhfuil cónaí i nGaillimh uirthi. 

Bonn Óir Sheáin Uí Riada bronnta ar Aoife Ní Bhriain

$
0
0
Bhuaigh Aoife Ní Bhriain ó Ráth Éanna i mBaile Átha Cliath Bhonn Óir Sheáin Uí Riada i gcomórtas fidle Chuireadh chun Ceoil a bhí ar siúl oíche Dé hAoine in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh agus a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Craoltóirí úra fógartha ar fhoireann Raidió Rí Rá

$
0
0
Sheol Raidió Rí Rá sceideal úr don bhliain úr inné ina bheidh Gaeilgeoirí óga ag craoladh rogha de chláir spraíúla dírithe ar an aos óg.

Comharthaí bóithre dátheangacha ó thuaidh

$
0
0
Beidh comharthaí bóithre dátheangacha le feiceáil ar shráideanna ar fud an Tuaiscirt má ghlactar le moltaí a bheidh á phlé mar chuid de chomhairliúcháin pobail go luath.
Viewing all 1945 articles
Browse latest View live


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>